Bronnfar Gradam Saoil ar Dhonal Lunny as ucht an méid atá bainte amach aige ina shaoil ag na RTÉ Radio One Folk Awards anocht i Sráid Vicar. Labhair an ceoltóir Pauline Scanlon linn faoi Dhonal.
Ghlac breis is 40 grúpa Gaeilge ar fud na tíre páirt i stailc leathlae inniu chun brú a chur ar an dá Rialtas réiteach fadtéarmach a dhéanamh do mhaoiniú phobal na Gaeilge. Chualamar ó roinnt dos na daoine a bhí ar stailc mar aon le Connor McGuinness, TD Shinn Féin a thacaíonn leo.
Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir agus Peadar De Blúit, Cúntóir Teanga i gComhairle an Aontas Eorpaigh a bhí linn ar an Phainéal Idirnaisiúnta inniu.
Molann tuarascáil nua gur gá a bheith níos cúramaí agus piollaí codlata a thabhairt amach d’othair. Grúpa oibre ó áisinteachtaí éagsula faoi stiúr Comhairle na nDouchtúirí Leighis a d’ullmhaigh an tuarascáil. Phléamar an scéal seo leis an Dr. Ciarán Ó Fearraigh, Dochtúir i Sraith an Úrláir.
Tá Rialtas na Breataine chun deireadh a chur leis an gcosc ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna i dTuaisceart na hÉireann. Tá an cosc ar an nGaeilge i bhfeidhm le nach mór 300 bliain. Phléamar an scéal seo leis an Tráchtaire Polaitíochta Póilín Ní Chiaráin
Póilín Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); An Dr. Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir Teaghlaigh i Sraith an Úrláir); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Peadar De Blúit (Cúntóir Teanga i gComhairle an Aontas Eorpaigh)
3 bliain ón lá inniu a rinne an Rúis a hionradh ar an Úcráin. Phléamar seo leis an phainéal.
23 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.