Peadar Tóibín (Ceannaire Aontú agus TD don Mhí Thiar); Máiréad Farrell (Urlabharaí Ardoideachais SF); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Karen Reshkin (iar-Bhainisteoir Gnóthaí Poiblí) Peadar De Blúit (Cúntóir Teanga i gComhairle an Aontas Eorpaigh); Niamh Ní Bhroin (Ollamh Comhlach leis na Meán Chumarsáide in Ollscoil Agder
Beidh cead sealadach ag Teachtaí Dála Neamhspleácha atá ag tacú leis an rialtas nua labhairt ó bhinsí an fhreasúra nuair a thiocfas Dáil Éireann le chéile arís amárach. Phléamar an scéal seo le Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú agusTeachta Dála don Mhí Thiar; agus Máiréad Farrell, Urlabharaí Ardoideachas SF, TD Gaillimh Thiar
Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Pól Ó Meadhra (Saor Iriseoir agus Colúnaí le Gript); Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); Una Ní Bhroiméil (Staraí, Údar agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Liam Rushe (Imreoir le CLG na Fianna); Tom Ryan (Ball de bhord CLG na Fianna).
Mhóidigh Hamas inniu go dtiocfaidh Gaza chuige fhéin arís agus go ndéanfar atógáil ar an méid atá scriosta ag Iosrael. Dúirt siad i ráiteas go raibh teipeann ar choireanna Iosrael mar a thug siad orthu misneach phobal Gaza a scriosadh. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Bhuaigh Na Fianna Craobh iománaíochta club na hÉireann don chéad uair inné. Labhair duine dos na himreoirí Liam Rushe linn faoin mbua. Labhair ball de bhord CLG na Fianna Tom Ryan linn faoin mbua freisin.
D'fhógair Micheál Martin go bhfuil Éire ag tabhairt a bheannacht do shainmhiniú conspóideach ar cad is Frith Sheiméiteachas ann. Phléamar seo le Eoghan Ó Ceannabháin, Gníomhaí le Pobal Roimh Brabús.
Ursula Ní Shabhaois, Tráchtaire Polaitíochta agus Enda Hardiman, Innealtóir agus Fear Gnó a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine inniu. Dréachtchlár rialtais foilsithe, Sos comhraic i nGaza; agus Joe Biden a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
Tá Cuala ag imirt i Cluiche Ceannais Sinsir Chraobhchomórtais na gClubanna AIB Dé Domhnaigh beag seo i gcoinne Aireagal Chiaráin, Co. Thír Eoghan. Labhair Aisling Fae, Cathaoirleach Cuala linn ar an gclár faoin atmaisféir sa club roimh an gcluiche.
Deir Sinn Féin go dtroidfidh siad go deireadh i gcoinne iarratas ó roinnt teachtaí neamhspléacha ón ngrúpa réigiúnach go mbeadh cearta cainte ar nós baill den fhreasúra acu cé go bhfuil siad chun tacú leis an rialtas. Phléamar seo le Conor McGuinness, Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.