Tá costas ard cúram leanaí agus ganntanas áiteanna cúram leanaí ag déanamh dochar d’iarrachtaí chomhlachtaí fostaithe a earcú agus a choimeád de réir suirbhé ó Chumann Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Phléamar an scéal seo leis an painéal.
Mary Hanafin (Abhcóide agus Iar-Aire Rialtas le Fianna Fáil); Joe Breathnach (Eagarthóir ExtraG); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir le Tuairisc); Caitríona Ní Chatháin (Múinteoir Meánscoile agus ball den Pháirtí Sóisialach); Emmet Ryan (Iriseoir agsu Tráchtaire)
Tuairiscítear go bhfuil deacracht sna cainteanna rialtais idir Fianna Fáil agus Fine Gael agus an grúpa neamhspleáigh réigiúnacha mar nach bhfuil an dá mórpháirtí sásta géilleadh d’éileamh an ghrúpa réigiúnach go mbeadh Aireacht Sinsireach Rialtais acu.
Tá conspóid mar gur dhiúltaigh an tAire Oideachais Paul Givan d’iarratas ar stádas imeasctha ón scoil is mó i dTuaisceart na hÉireann. Labhair an t-iriseoir Liam Tunny leis an Belfast Telegraph linn faoin scéal seo.
Scaoileadh Donald Trump saor ó aon phionós i dtaca lena chiontú sa chás a bhaineann le hairgead a íocadh le Stormy Daniels. Labhair An tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson linn faoin scéal seo agus na tinnte in LA.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitiúl); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson); Liam Tunney (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Peadar Kirby (Údar agus Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta, Ollscoil Luimnigh); Niamh Uí Bhriain (Gript); Aonghus Ó Lochlainn
Peadar Kirby, Údar agus Ollamh Emeritus le Polaitíocht Idirnáisiúnta, Ollscoil Luimnigh agus Niamh Uí Bhriain, Gript a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu. Bhíodar ag plé scéalta móra an tseachtain, cúrsaí aimsire, Donald Trump agus na tinnte i Meiriceá agus Elon Musk ina measc.
Labhair Diarmaid Ó Loing, Réiteoir agus múinteoir bunscoile linn faoin fadhb atá i mBaile Átha Cliath le réiteoirí a earcú.
11 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.