Tá fiosrúchán ar bun ag na Garda Síochána ó rinneadh ionsaí ar fhoirgintí poiblí aréir. Phléamar an scéal seo le Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Times.
Tá an comhlacht micreashliseanna Intel chun fáil réidh le 15% dá n-oibrithe timpeall an domhain, de réir fógra ón gcomhlacht inniu. Phléamar seo le Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show.
Gearóidín Nic an Iomaire (Eagraí Spórt RnaG); Pa Daly, Urlabhraí Dlí & Cirt Shinn Féin); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Alexandra Philbin - Scoláire ag Ollscoil Valencia sa Spáinn a chuireann teangacha neamhfhorleathana chun cinn; Rob Ó Conchúir
Tá an t-iriseoir Meiriceánach Evan Gershkovich, iriseoir don Wall Street Journal, i measc na bpríosúnach atá á scaoileadh ó ghéibheann sa Rúis sa mhalartú príosúnach is mó ó bhí an Cogadh Fuar ann. Labhair Niall Ó Muilleoir linn faoi seo.
Polasaí tithíochta Sinn Féin agus rialaigh an Ardchúirt inniu go sáraíonn polasaithe an Rialtais cearta daonna iarrthóirí tearmainn a fhágtar gan dídean a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé ag Áine Ní Chiaráin ar pholaitíocht an lae inniu.
Bhí Eagraí Spórt Raidió na Gaeltachta Gearóidín Nic an Iomaire linn beo ó bPáras agus í ag tráchtaireacht ar an dá babhta dheireanach don dornálaíocht idir Kellie Harrington agus Angie Paola Valdes.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.