Beidh a chlár deireanach ag Ryan Tubridy leis an Late Late anocht, an sraith teilifíse Grá ar an Trá, an cinneadh atá déanta ag Disney Plus agus an chlár Éireannach nua Last One Laughing á phlé ag Conall Mac Dhonnagáin i Mír na Siamsaíochta inniu.
Cuirfidh an Cumann Lúthchleas Gael smachtbhannaí i bhfeidhm orthu siúd a sholáthraíonn aon sórt iomaíocht d'imreoirí faoi aois a dó dhéag. Bainisteoir Tiobrad Árainn ar ais ar an taobhlíne agus na cluichí iomáint á phlé ag Sheila Ní Bheaglaoich ar na scéaltaí spóirt.
Labhair an Teachta Dála de chuid Shinn Féin i gcóir Co Lú linn faoi na figiúrí is déanaí do dhaoine i lóistín éigeandála agus faoin imní atá léirithe ag Comhairle na hEorpa leis an rialtas faoi thithíocht d'iarrthóirí tearmainn.
Tá imní curtha in iúl ag Comhairle na hEorpa don rialtas faoi iarrthóirí tearmainn gan dídean. Tá an líon daoin atá ag fanacht i lóistín éigeandála imithe ós cionn 12,000 don chéad uair. Labhair Gráinne Ní Aodha linn ar an gclár faoi seo.
Inniu ar an gclár: Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir le PA Media; Ruairí Ó Murchú, Teachta Dála Sinn Féin; Rónán Ó Dálaigh, Príomhfheidhmeannach Thriftify, Lonnaithe i Londain; Dr. Bríd Nic Craith, Staraí i gColáiste na Trionóide; Sheila Ní Bheaglaoich, Conall Mac Dhonnagáin
Ar an gclár: Eoin Ó Catháin, Eagraí Polaitíochta RnaG; Éamon Ó Cuív, Teachta Dála FF do Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas; Síle Ní Choinceannain, Léachtóir le Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál Luimneach; Séamus Martin, Iar-comhfhreagraí an Irish Times i Mosco; Philip Sexton, Coiste Eagraithe don Leac Cuimhneacháin; Conchubhar Ó Liatháin
Dheimnigh an tAire um Choimirce Sóisialta Heather Humphreys sa Dáil inniu go méadófar íocaíochtaí leasa sóisialaigh eile sa gcáinfháisnéis mí Dheireadh Fomhair. Tá teannas idir le braith idir Fianna Fáil agus Fine Gael - é seo á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae
Tá conradh sínithe ag an Rúis leis an mBéalarúis chun airm núicleacha teaicticiúla a stóráil, é seo an chéad uair ó tháinig deireadh eis an Aontas Sóivéadach i 1991 go mbeidh an Rúis ag coiméad airm núicléacha lasmuigh de theorannacha na tíre. Bhí Séamus Martin linn ar an gclár chun é seo a phlé.
Labhair an Teachta Dála Fianna Fáil Éamon Ó Cuív linn ar an gclár faoin faoiseamh cánach €1000 atá le tabhairt do dhaoine ar mhéanioncaim agus an teannas atá idir Fianna Fáil agus Fine Gael i láthair na huaire. Labhair sé freisin faoi na boscaí taisce ón 18ú aois.
12 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.