Labhair Cormac Ó hEadhra faoi Seán P Ó hÉalaí an t-iriseoir agus an t-iar chraoltóir le Raidió na Gaeltachta Bhaile Atha Cliath atá imithe ar shlí na fírinne.
D'fhógair an rialtas go reachtáilfear reifreann chun tagairt do ról na mban sa bhunreacht a leasú mar go síltear go bhfuil an méid a deirtear leatromach ar mhná. Bhí Gearóidín McEvoy linn ar an gclár agus í a chuir a tuairimí faoin Reifreann in iúil.
Tá díomá curtha in iúl ag An Foras Pátrúnachta faoi fhógra ón Roinn Oideachais go mbeidh 58 togra tógála scoileanna ar athló de bharr cuinsí airgeadais. Bhí Caoimhín Ó hEaghra agus Cian Ó Cuanacháin linn ar an gclár chun seo a phlé.
Níl an rialtas sásta dul siar ar an gcinneadh deireadh a chur leis an gcosc ar dhíshealbhú. Sheol an tAire Oideachais Norma Foley an creatlach faoina bhforbrófar Curaclam inniu. Bhí seo go léir á phlé ag Eoin ó Catháin ar pholaitíocht an lae inniu.
Scéimearacht dhána maidir le híocaíochtaí do hoibrithe a bhí os láthair as a gcuid oibre mar gheall ar COVID 19 tagtha chun solas. Bean i Ciarraí ag buachaint rás sléibhe sa Fhrainc cé go raibh a rúitín briste aici. Na scéalta seo dúinn ag Edel Mhic Amhlaidh
Bhí Barry Ward agus Máireád Farrell linn ag plé an scéal is déanaí maidir leis an chosc ar díshealbhú. Bhíodar ag labhairt freisin ar an reifreann atá fógartha maidir le comhionannas inscne a bheidh ar siúl i Mí na Samhna.
Cinneadh déanta ag an rialtas go mbeidh reifreann ar chomhionannas inscne i Mí na Samhna. Bhí beocht sa Dáil inniu agus teannas le clois idir Mary Lou McDonald agus an Taoiseach. É seo go léir á phlé ag Eoin Ó Catháin.
Bhí Cathnia Ó Muircheartaigh ag labhairt ar an gclár faoina ceapacháin mar Cathaoirleach nua ar COGG.
11 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.