Bhí Fearghal Mac Bhloscaigh, Léachtóir Staire, in Ollscoil na Banríona agus Darragh Ó Caoimh Iriseoir & Tuairisceoir ar Fhóram linn an tseachtain seo agus iad ag plé scéalta móra na seachtaine.
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiún Aontaithe); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir ar Cearta Digiteacha Éireann); Áine Ní Ghlinn; Eimear McGovern
Sháraigh an Roinn Coimirce Sóisialaí rialacha príobháideachais GDPR maidir le teicneolaíocht aitheanta aighaidhe sna cártaí Seribhísí Poiblí - sin de réir rialú ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí inniu. Phléamar an scéal seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Cearta Digiteacha Éireann.
In Iosrael aréir, do theip ar iarrachtaí an fhreasúra sa Knesst – parlaimint Iosrael – in iarracht an parlaimint a lánscoir. Labhair Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona linn faoin scéal seo.
I Meiriceá, tá na léirsithe i gcoinne ICE agus a ndíbirtí ar inimircigh a mheasann siad a bheith i Meiriceá gan cead ag leathnú amach go cathracha eile ar fud na tíre,ina measc Nua Eabhrac, i Washington DC, Chicago agus Austin. Phléamar an scéal seo leis an Comhairleoir Gnóthaí Poiblí Niall Ó Muilleoir.
D’fhógair rialtas na Breataine inniu go gcuirfidh siad caoga milliún punt ar fáil chun tacú le hathfhorbairt Pháirc Mhic Easmuinn. É seo agus na léirsithe i Baile Meánach á phlé ag an t-iriseoir Antón Mac Cába.
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.