Dúirt Ceannaire Aontú, Peadar Tóibín sa Dáil gur tuairiscíodh sna meáin le déanaí go bhfuil comhaontú ann idir Stáit Aonthaithe Mheiriceá agus Iosrael go gcuirfear deireadh le hoibríochtaí Fórsa Sealadach na Náisiúin Aontaithe sa Liobain, UNIFIL, i ndeisceart na Liobáine. Labhair sé linn ar an gclár.
Tá athbheochan mór faoi láthair ar shiúlóidí oilithreachta thraidisiúnta na hÉireann ach go háirithe, agus an tseachtain seo beidh Turas OIlithrigh na hÉireann ag reachtáil sraith de CHÚIG oilithreacht siúlóide treoraithe traidisiúnta timpeall na tíre, ag tosnú Dé hAoine beag seo. Labhair John G O Dwyer linn faoi.
Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Caidreamh Poiblí / Tráchtaire); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Antón Mac Cába (Saor-iriseoir); Peadar Tóibín(Ceannaire Aontú agus Teachta Dála don Mhí Thoir); John G O Dwyer; Síle Ní Choinceannain
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Máireád Farrell (Urlabharaí ar Caiteachtas Phoiblí agus Athchóiriú Shinn Féin - TD Gaillimh Thiar); Póilín Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Caoimhe De Barra (Príomhfheidhmeannach Trócaire); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson New Jersey).
Gortaíodh cúigear póilín déag agus deineadh damáiste tine do cheithre theach nuair a bhris círéib amach sa Bhaile Meánach in Aontroim aréir. Phléamar an scéal seo leis an Tráchtaire Polaitíochta Póilín Ní Chiaráin.
Fuair an tAire Tithíochta, James Browne, beannacht an rialtais ar maidin chun athraithe a dhéanamh ar na rialacha tionóntachta agus ar na srianta ar ardaithe cíosa. Phléamar an scéal seo le Máireád Farrell Urlabharaí ar Caiteachas Phoiblí agus Athchóirú Shinn Féin, TD Gaillimh Thiar
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.