Maraíodh beirt taidhleoir Iosraelach in ionsaí i Washington aréir. Phléamar an scéal seo leis an tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson.
Tá rialtas na Breataine ag iarraidh teaghlaigh na nÍospartach agus rannpháirtithe lárnacha eile i bhfiosrúchán bhuamáil na hÓmaigh a fhágáil ar lár lena moladh go gcoimeádfaí ainmneacha státsheirbhísigh sóisireacha faoi cheile i gcaipéisí. Labhair an t-iriseoir Antóin Mac Cába linn faoin scéal seo.
Deir Ombudsman na Leanaí go bhfuil i ndeireadh na feide agus thar a bheith díomách faoin méadú in imeacht na bliana ar líon na dteaghlach i lóistín éigeandála. Phléamar an scéal seo le Pól Ó Murchú, Aturnae sa réimse cúram páistí.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson); Pól Ó Murchú (Aturnae sa réimse cúrsam páistí); Antóin Mac Cába (Iriseoir); Áine Ní Ghlinn; Katie Whelan.
Tá Uachtarán na hAfraice Theas Cyril Ramaphosa ag bualadh le Donald Trump sa Teach Bán faoi láthair i gcoir cruinniú cinniúnach a d’fhéadfadh an droch caidreamh idir an dá rialtas a fheabhsú nó é a chur go tóin poill ar fad. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Caidreamh Poiblí.
Scaoil saighdiúirí Iosraelach urchair gar do thoscaireacht ón Aontas Eorpach a raibh beirt thaidhleoir Éireannach ina measc ar an mBruach Thiar. Labhair Barry Ward Teachta Dala d’Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh linn faoin scéal seo.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Barry Ward (Teachta Dala d’Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Caidreamh Poiblí) Dónal Ó hAiniféin (Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Chíosóg); Gráinne Uí Chaomhánaigh
47 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.