Tá sé i gceist córas comónta iontrála do scoileanna a bhunú ar bhonn piolóta i roinnt ceantracha sa tír agus é a leathanú amach ina dhiaidh sin go dtí an tír ar fad. Labhair Dónal Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Chíosóg linn faoin scéal seo.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Nuala Ní Scolláin (Urlabharaí na Máithreacha i gcoinne cindhíothaithe); Siobhán Uí Dhálaigh (Múinteoir Uathach i nGaelscoil Mhic Amhlaigh); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir)
Michael McCaughan, Iriseoir agus Údar agus Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir a bhí linn ar an bpainéal idirnáisiúnta inniu. I measc na scéalta a bhí á phlé bhí cainteanna faoin Úcráin idir Trump agus Putin inné, agus géarchéim daonnachtúil i nGaza agus plean forghabhála Iosrael.
Tá an eagraíocht Máithreacha i gcoinne an Chinedhíothú le léirsiú a bhetih acu lasmuigh de Dáil Éireann amárach le beart polaitiúil a éileamh i dtaca le bás pháistí Gaza de bharr cogadh agus ocrais. Labhair Nuala Ní Scolláin de chuid na Máithreacha linn ar an gclár.
Thosaigh an feachtasóir óg Cara Darmody agóid 50 uair an chloig lasmuigh de Dháil Éireann inniu mar gheall ar theip an rialtais meastúcháin riachtanais a chur ar fail in am. Labhair Siobhán Uí Dhálaigh, Múinteoir Uathach i nGaelscoil Mhic Amhlaigh linn faoin scéal seo.
Darragh Adelaide (Comhairleoir Contae le Pobal Roimh Brabús i gCluain Dolcáin); Joe Breathnach (Eagarthóir ExtraG); Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir); Róisin Ní Mhaoláin (Podchraoladh na Gaelgals)
Tá margadh mór déanta ag an Aontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe chun an caidreamh eatarthu a chur ar bhonn níos fearr, cúig bliana tar éis an Bhreatimeachta.
19 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.