Tá a lán cruinnithe ag tarlú faoi Úcráin inniu. Tá státrúnaí Mheiriceá Marco Rubio sa Fhrainc in éineacht leis na toscairí Steve Witkoff agus Keith Kellog i gcoir cainteanna le hEmmanual Macron agus ionadaithe ó cúpla tír Eorpach. Phléamar seo leis An Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Coláiste na Trionóide
Hannah McDermott (Ball den Irish Bloc Berlin); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Seán Kelly (Feisire Eorpach Fine Gael); Peadar Tóibín (Ceannaire Aontú agus Teachta Dála don Mhí Thoir); Micheál Mac Donnacha (Comhairleoir le Sinn Féin ar Comhairle Cathrach Átha Cliath); Gráinne Uí Chaománaigh
Tá plean foilsithe ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun baile nua a fhorbairt i mBaile Átha Cliath idir Glasnaíón, Cabhrach agus Fionnghlas. Baile Bogáin an tainm a bheadh ar. Phléamar seo le Micheál Mac Donnacha, Comhairleoir le Sinn Féin ar Comhairle Cathrach Átha Cliath.
Gráinne Uí Chaomhánaigh a bhí linn ar Mír na Meán an tseachtain seo agus í ag plé clár ar TG4 dar teideal na Builders, Dragon Hearts agus forlíonadh nua Gaeilge.
Dúirt grúpa feachtasaíochta Éireannach i mBeirlín gur gabhadh ball dá gcuid inniu mar gheall go raibh sí ag scairteadh i nGaeilge. Labhair Hannah McDermott, Taighdeoir Dochtúireachta agus ball den Irish Bloc Berlin linn faoin eachtra.
Labhair Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú agus TD don Mhí Thoir linn ar an gclár tar éis don thuarascáil faoi cás Grace a bheith foilsithe an tseachtain seo.
Ní ghéillfidh an tAontas Eorpach d’éilimh Mheiriceá a gcaighdeán sábháilteachta bia a ísliú agus deireadh a chur lena gcaidreamh leis an tSín. Seo de réir tuairisc san Irish Times inniu atá bunaithe ar fhoinsí sinsireacha i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil. Phléamar an scéal seo le Seán Kelly, Feisire Eorpach le Fine Gael.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.