Dúirt Uachtarán Choimisiún na hEorpa Ursula Von der Leyen go bhféadfaí tobhach a ghearradh ar ioncaim ar fógraíochta ar líne chomhlachtaí teicneolaíocha ilnáisiúnta muna n-éiríonn le cainteanna le Meiriceá faoi chúrsaí trádála. Phléamar an scéal seo le Emmet Ryan, Iriseoir agus Tráchtaire
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Independent); Emmet Ryan (Iriseoir agus Tráchtaire); Dónall Ó hAiniféin (Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Chíosóg); Liadh Ní Riada (Iar-Fheisire Eorpach); Donnchadha Ó hÉallaithe (Gníomhaí Pobail); Isibéil Ní Cheallaigh.
Dúírt an tAire Oideachais Helen McEntee go ndéanfaidh saineolaí cothúcháin athbhreithniú ar chaighdeáin na mbéilí te atá á sholáthar i scoileanna. Phléamar an scéal seo le Dónall Ó hAiniféin, Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Chíosóg.
Scríobh seachtar Feisire Eorpach Éireannach ó cheithre pháirtí éagsúil go dtí an Coimisiún Eorpach inniu maidir le bagairt údaráis na Gearmáine beirt Éireannach a dhíbirt ón nGearmáin. Labhair Cynthia Ní Mhurchú, Feisire Eorpach de chuid Fianna Fáil d’Éire Theas linn faoi seo.
Thit luach stocanna ar stocmhargaí Mheiriceá inniu tar éis dóibh ardú go mór inné tar éis fógra Donald Trump go raibh sé ag cur formhór a tharaifí ar athló, seachas i gcoinne na Síne. Phléamar an scéal is déanaí le Brian Ó Ceallaigh, Ollamh le hAirgeadais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.