Bhí Alan Titley, Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus An Dr. Éamonn Ó Ciosáin, Údar agus Iar Léachtóir le Fraincís agus Briotánais, Ollscoil Mhá Nuad linn ag plé na scéalta móra idirnáisiúnta inniu.
Tá cinneadh glactha ag Bord Bainistíochta Meánscoil Sráid Synge gan dul ar aghaidh le haistriú na scoile go Gaelcholáiste i mí Méan Fómhair 2026. Tá Ceardchumann na Meánmhúinteoirí an ASTI ag tacú leis an gcinneadh. Labhair Julian de Spáinn Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 i mBÁC linn faoin scéal seo.
Dúirt Leas Uachtarán Mheiriceá JD Vance go bhfuil Sirriam nua sa bhaile agus é ag tagairt d’Uachtarán Mheiriceá Donald Trump. Bhí Vance ag labhairt ag Comhdháil Slándála Munchen. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Maguire, Iriseoir lonnaithe i bPáras na Fraince.
Seán Ó hArgáin, Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Chainnaigh agus Mary Hanafin, Abhcóide agus Iar-Aire Rialtais a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine inniu. An Úcráin, An Raic sa Dáil agus Tithíocht agus Géarchéim maoinithe Fhoras na Gaeilge a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent); John Maguire (Iriseoir lonnaithe i bPáras na Fraince); Julian de Spáinn (Cathaoirleach Choiste Tuismitheoirí an Fheachtais Gaelcholáiste 2,4,6,8 i mBÁC); Seán Ó hArgáin (Comhairleoir le Páirtí an Lucht Oibre do Chill Channaigh); Mary Hanafin (Abhcóide & Iar Aire Rialtais);
Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.