Tá tionchar Kneecap ag spreagadh spéis daltaí méanscoile sa Ghaeilge ach tá modhanna múinte seanchaite ag déanamh dochair. Seo a deir Anna O'Sullivan, Bainisteoir Scoileanna leis an aip staidéar ar líne Studyclix. Labhair sí linn ar an gclár faoin scéal seo.
D'fhreastail slua mór daoine tionól i mBaile Átha Cliath inniu, chun plé a dhéanamh ar na ciorruithe tromchúiseacha atá a chur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge de bharr géarchéim mhaoinithe na heagraíochta.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Anna O'Sullivan (Bainisteoir scoileanna le Studyclix agus iar-mhúinteoir Gaeilge agus cúrsaí Gnó); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar); Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine)
Tá daoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge a chur chun cinn ar an dá thaobh den teorainn le cruinniú éigandála a ghairm i mBaile Átha Cliath amárach faoi laghdú ar mhaoiniú Fhoras na Gaeilge a bhfuil milleán á chur ar an DUP faoi.
Caoimhín Ó Cadhla (Eagarthóir ar An Páipéar); Fergus Keane (Innealtóir Cairte agus Scannánóir); Caoimhe Ní Mhaolaí (Mac Léinn Dlí le Dlí Chumann na hÉireann); Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show.
Dúirt an Taoiseach go bhfuiltear ag machnamh faoi deireadh a chur le ceantracha Ard Bhrú cíosa faoi dheireadh na bliana seo mar chuid de phlean chun níos mó infheistíocht ón earnáil phríobháideach a mhealladh isteach san earnáil tithíochta. Phléamar an scéal seo le Conall Ó Móráin, Saineolaí Airgeadais.
Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé i gceist aige taraif 25% a chur ar earraí alúmanaim agus cruach a thugtar isteach go Meiriceá. As an mBrasaíl, Ceanada agus Meicsiceo a thagann an chuid is mó den chruach a importáileann Meiriceá
Cinneadh Uachtarán Mheiriceá Donald Trump smachtbhannaí a ghearradh ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta. Phléamar an scéal seo le Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiún Aontaithe.
12 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.