Tharraing póilíní ceannaire freasúra sa tSeoirsia óna oifig agus thóg siad leo é agus ionsaíodh baill eile den fhreasúra. Phléamar an scéal seo leis An Dr.Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta Teagaisc, Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Trionóide.
Dúirt Ivana Bacik go labhródh sí le páirtithe beag eile ar an eite chlé maidir le cur chuige aontaithe sula labhródh sí leis na mórpháirtithe. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent ar pholaitíocht an lae.
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent); Peadar Tóibín (Ceannaire Aontú); Seán Federico Ó Murchú (Eagarthóir Nuachta i Nua-Eabhrac); An Dr. Conchubhar Ó Dálaigh (Comhalta Teagaisc Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh, Coláiste na Trionóide) Dr. Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Joseph Mac Aoidh
Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín inniu go raibh a pháirtí oscailte do chainteanna rialtais le gach páirtí seachas an Comhaontas Glas agus Fine Gael. Labhair sé linn ar an gclár.
Dúirt ceannaire FF Míchéal Martin gur bhuaigh a pháirtí líon an-sunstasach suíocháin san olltoghchán agus go gcaithfear é sin a bheith san áireamh i gcomhdhéanamh polasaí agus struchtúir rialtais. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá díospóireacht faoi rún mí mhuiníne sa Phríomh Aire Michel Barnier agus ina rialtas ag tarlú sa Pharlaimint inniu. Labhair an tIriseoir John Maguire linn faoi seo.
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent); Barra Ó hÉanacháin (TD Neamhspléach do Chuan BÁC Thuaidh); John Maguire (Iriseoir sa Fhrainc); Áine Ní Ghlinn; Norita Ní Chartúir
46 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.