Toghadh Barry Heneghan (Ó hÉanacháin) mar Theachta Dála Neamhspléach do Chuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh ag an deireadh seachtaine. Labhair sé linn ar an gclár inniu.
An Choiré Theas, An tSiria agus Hunter Biden a bhí i measc na scéalta á phlé ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu le Alan Titley Colúnaí leis an Irish Times agus Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe.
Tá conspóid faoi baint feicáileach a bheith ag an gcomhlacht bia gasta McDonalds le Oispidéal nua na bPáistí. Tá Ronald Mc Donald House ag an Ospidéal chun lóistín a chur ar fáil do theaghlaigh a bhfuil páiste tinn leo san oispidéal. Phléamar an scéal seo leis an Dr. Niall Ó Cléirigh.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Naoise Ó Cearúil (TD Fianna Fáil i gCill Dara Thuaidh); An Dr. Niall Ó Cléirigh (Dochtúir teaghlaigh lonnaithe i mBaile Átha Cliath); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh)
Tá na nDaonlathaigh Sóisialacha ag lorg cruinnithe le Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, Fine Gael agus Fianna Fáil chun plé a dhéanamh faoi na céad ceimeanna eile tar éis an olltoghcháin. É seo agus na scéalta móra eile á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RnaG.
Diarmuid Ó Sé(Iar-Ollamh Comhlach i Scoil na Gaeilge an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis, An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath); Mary Hanafin (Abhcóide agus Iar-Aire Rialtais le Fianna Fáil); Elaine Loughlin (Eagraí Polaitíochta an Irish Examiner); Conor D. McGuinness (TD Shinn Féin i bPort Láirge); Barry Ward (TD Fhine Gael i nDún Laoghaire)
Plé ar torthaí an Olltoghcháin agus an chéad céim eile leis an bPainéal. Labhair an Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge agus an Teachta Dála Fhine Gael i nDún Laoighaire linn freisin.
JJ Ó Dochartaigh (DJ Próvaí, ball den mbanna Kneecap); Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Muiris Ó Súilleabháin (Réiteoir agus measúnóir réiteoirí idirchontae); Una Ní Bhroiméil (Údar, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiricéa); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Aonghus Ó Lochlainn
45 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.