Beidh muintir na hÉireann ag dul chuig na bothanna vótála Dé hAoine beag seo agus muid ag druidim i dtreo deireadh feachtas an olltoghchán. Phléamar an feachtas vótála leis an bpainéal.
Dr.Emer Ní Bhrádaigh (Ollamh Cúnta le Fiontraíocht, Fiontar agus Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); Enda Hardiman (Innealtóir agus Fear Gnó); Dónal Ó Maolfabhail (Stiúrthóir an Chomhlacht Léiriúcháin teilifíse Scun Scan); Cabríní De Barra; Clíona Saidléir (Príomhfheidhmeannach an Ghréasáin Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe)
Dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince Jean-Noël Barrot nár chóir go mbeadh aon línte dearga ó thaobh tacú leis an Úcráin. Phléamar seo leis an bpainéal.
Bhí agóid ar son Nikita Hand a bhuaigh cás sibhialta i gcoinne Conor McGregor i dtaca le hionsaí gnéis i mBaile Átha Cliath inniu. Phléamar seo leis an bpainéal & Clíona Saidléir Príomhfheidhmeannach an Ghréasáin Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe.
Tá iarUachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro cúisithe le seisear is triocha eile agus é curtha ina leith go ndearna siad iarracht coup a chur sa tsiúl len é a choinneail i gcumhacht theis dó cailliuint in olltoghchan na bliana 2022. Phléamar an scéal seo leis an iriseoir Michael McCaughan.
Tá fáilte curtha ag muintir an Daingin go bhfuil pictiúrlann an bhaile – an Phoenix faoi úinéireacht nua. Tá an Phoenix dunta ó thús phaindeim Covid 19 agus tá se ar an margadh le trí bliana anuas. Phléamar seo le Aoife Granville.
Tá fógra dearg aimsire eisithe ag Met Éireann do chontaetha na Gaillimhe agus Chorcaí agus díle mhór bháistí geallta sna háiteanna sin mar gheall ar an stoirm atá ag déanamh ar an tír ón Atlantach. Phléamar seo le Ferdia McCrann, Oifigeach Meireareolaíocht Sinsireach le Met Éireann.
Conall Ó Móráin agus Ursula Ní Shabhaois a bhí linn ag plé scéalta móra na seachtaine. Ina measc, An tOlltoghcháin; An Úcráin agus an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta.
Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar); Ferdia McCann (Oifigeach Meitéareolaíochta Sinsireach le Met Éireann); Conall Ó Móráin (Saineolaí Airgeadais agus Láithreoir an Phodchraoladh That Great Business Show); Ursula Ní Shabhaois (Tráchtaire Polatiúl)
45 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.