Bhí liosta fada moltaí i measc na polasaithe Gaeilge agus Gaeltachta a foilsíodh i bhforógra olltoghcháin Shinn Féin a seoladh ar maidin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Seanán Ó Coistín (Iarrthóir Neamhspléach san Olltoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán); John Mac Gabhann (Ard Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann); Dr. Diarmuid Ó Cofaigh (Dochtúir Teaghlaigh sa Nua Shéalainn); Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times); Una Ní Bhroiméil (Údar agus Staraí)
Bhí Seanán Ó Coistín, Iarrthóir Neamhspléach san Olltoghchán i mBaile Átha Cliath Thiar Meán linn agus é ag plé cén fáth go bhfuil sé ag seasamh san olltoghchán i mbliana.
Ghlac breis agus 40,000 duine páirt in agóid lasmuigh de Pharlaimint na Nua Shéalainne i gcoinne bille a chreideann an lucht agóid a chuirfidh isteach ar chearta an pobal Maori. Phléamar an scéal seo leis an Dochtúir Teaghlaigh sa Nua Shéalainn, Diarmuid Ó Cogaigh.
Alan Titley, Colúnaí leis an Irish Times agus Ollamh Emeritus le Gaeilge, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus Una Ní Bhroiméil, Údar, Staraí agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu.
Mhaígh an TUI agus an ASTI gur ghlac breis agus 30,000 múinteoir páirt in agóid lasmuigh de scoileanna ag am lóin inniu agus iad ag éileamh go gcuirfí ar athló athruithe don Ardteist. Phléamar an scéal seo le John Mac Gabhann, Ard Rúnaí Cúnta le Aontas Múinteoirí Éireann.
Liam Mac Amhlaigh (Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge Ollscoil Mhá Nuad); Mícheál Ó Cinnéide (Iar Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil); Maitiú Ó Coimín (Iriseoir); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta)
Cúrsaí aeráide- giniúint na gaoithe an ard do Mí Dheireadh Fómhair de réir figiúirí nua ó Wind Energy Ireland. Phléamar seo leis an bpainéal.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.