Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Seán Bhreathnach (Iar-príomhoide Scoil Náisiúnta na bhForbacha); Michael McCaughan (Iriseoir); Síomha Ní Aonghusa (Iarrthóir do Phobal Seachas Brabús i nDáilcheantar Rath an Dún Baile Átha Cliath); Dr.Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Joseph Mac Aoidh
Tá an Airgintín ag tarraing a n-ionadaithe amach as comhdháil aeráide COP29 agus gan ach trí lá den aon lá déag den chomhdháil caite. Phléamar an scéal seo leis an Iriseoir Michael McCaughan.
Lean an cuardach do bhean sna tríochaidí atá ar iarraidh ó Thrá na gCeann i mBearna ar aghaidh inniu. Bhí gardaí, oibrithe cuardaigh agus tarrthála gairmiúla chomh maith le oibrithe deonacha páirteach sa chuardach amuigh ar farraige agus isteach le cósta.Labhair Seán Bhreathnach,a bhí amuigh ag cuardach leis an meitheal cuardaigh linn ar an gclár.
Tá Donald Trump ag bualadh leis an tUachtarán Joe Biden sa Teach Bán inniu. Ta Elon Musk agus Vivek Ramaswamy ceaptha aige le bheith i gceannas bhealaí a aimsiú chun gearradh siar ar chaiteachais rialtais. Phléamar seo le Seán Federico Ó Murchú, eagarthóir nuachta lonnaithe i gcathair Nua-Eabhrac
Bhí Róisín Ní Chinnéide, Bainisteoir Abhcóideachta Chonradh na Gaeilge linn agus í ag plé na geallúintí atá déanta ag Fianna Fáil maidir leis an Gaeilge agus an Ghaeltacht ina bhforógra toghcháin.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Seán Ó hArgáin (Iarrthóir Olltoghcháin do Phairtí an Lucht Oibre sa Dháilcheantar Ceatharlach/Cill Chainnaigh); Róisín Ní Chinnéide (Bainisteoir Abhcóideachta Conradh na Gaeilge); Seán Federico Ó Murchú; Áine Ní Ghlinn; Norita Ní Chartúir
Bhí cúram leanaí, tithe folamha, cearta tionóintí agus todhchaí stádas neodracht an stáit i measc príomh-théamaí an lae inniu san fheachtas olltoghcháin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RnaG ar pholaitíocht an lae inniu.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.