Cuirfear deireadh le tionóntaí a dhíbirt gan chúis agus tionontaí a dhíbirt nuair atá teach nó árasán a dhíol faoi phlean Pháirtí an Lucht Oibre do thionóntaí a seoladh inniu. Labhair Iarrthóir olltoghcháin leis an bPáirtí Lucht Oibre sa Dáilcheantar Ceatharlach-Cill Chainnaigh.
Tá Aontú ag moladh go mbunófaí gníomhaireacht teorainn nua a bheadh freagach as rialú teorainn, próiseáil iarratas agus cur i bhfeidhm chinntí. Phléamar seo le Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú.
Dúirt ceannaire na nDaonlathach Sóisialta gur mian lena bpáirtí a bheith sa rialtas. Labhair Eoin Ó Broin, Iarrthóir Olltoghcháin leis na Daonlathaigh Sóisialta linn faoin bhfeachtas.
Antóin Mac Unfraidh, Iar Thaidhleoir agus Niamh Ní Bhroin, Ollamh Comhlach leis na Meán Chumarsáide in Ollscoil Agder san Iorua a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu. Ceapacháin á fhógairt do phostanna móra i rialtas Donald Trump a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
Chuir Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, i leith Fianna Fáil agus Fine Gael go bhfuil siad ag caitheamh le lucht tacaíochta a páirtí ar nós gur saoránaigh den dara grád iad. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polatíochta RnaG); Marc Ó Cathasaigh (TD An Comhaontas Glas i bPort Láirge); Eoin Ó Broin(Comhairleoir Contae leis na Daonlathaigh Sóisialta ar Chomhairle BAC Theas); Antóin Mac Unfraidh (Iar Thaidhleoir); Niamh Ní Bhroin (Ollamh Comhlach leis na Meán Chumarsáide in Ollscoil Agder san Iorua); Peadar Tóibín (Ceannaire Aontú
Muireann Ní Mhóráin (Iar-Phríomhfheidhmeannach COGG); Conall Mac Dhonnagáin (Oifigeach Gaeilge Leabhar Pháistí Éirinn); Norita Ní Chartúir (Léachtóir sa Chraoltóireacht agus san Iriseoireacht, Ollscoil na hÉireann Gaillimh); Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir le The Cork Echo)
D'fhógair Donald Trump go bhfuil Tom Honan le ceapadh i gceannas ar shlándáil teorainn agus ar inimircigh mídhleathacha a dhíbirt as an tír. Phléamar seo leis an bpainéal.
6 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.