Thug an Taoiseach Simon Harris a aghaidh ar Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce le hiarraidh ar an Uachtarán an Dáil a chur ar lánscor ionas go bhféadfar olltoghchán a ghairm. Phléamar seo le Cuán Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael); Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin); Pól Ó Meadhra (Saor-iriseoir); Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir); Sheila Ní Bheaglaoich
An Scríbhneoir Réaltán Ní Leannáin agus Pol Ó Meadhra, Colúnaí le Gript a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine inniu. Donald Trump tofa mar Uachtarán Mheiriceá agus Olltoghchán na hÉireann a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
An 33ú Dáil tar éis suí don uair deireanach. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae.
50 bliain inniu ó cuireadh deireadh leis an riachtanas Gaeilge sa Státseirbhís. Eagraíodh roinnnt agóidí in aghaidh chinneadh an rialtas agus labhair Ciarán Ó Feinneadha, Gníomhaí Teanga linn faoi seo, agus an agóid a d'eagraigh sé féin agus é ina dhalta i gColáiste Mhuire.
Bhris an Seansailéir Olaf Scholz an tAire Airgeadais Christian Lindner as post oíche aréir. Labhair Hannah McDermott, Taighdeoir dochtúireachta agus ball den Irish Bloc Berlin faoin scéal seo.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.