D'fhógair Fianna Fáil agus Fine Gael na polasaithe maidir le cúrsaí dlí agus cirt san fheachtas olltoghchán inniu. Phléamar na polasaithe seo le Barry Ward, iarrthóir olltoghcháin d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Séin Ó Muineacháin, iarrthóir d'Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar-Meán.
Niamh Uí Bhrian, Gript agus Donnacha ó hÉallaithe, Gníomhaí Pobail & Rúnaí Chumann Forbartha Chois Fharraige a bhí linn ar Siúl Siar na Seachtaine inniu. Cúrsaí olltoghchán in Éireann, ceapacháin Donald Trump agus COP29 a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Séin Ó Muineacháin (Iarrthóir olltoghchán do Fianna Fáil i mBÁC Thiar Meán); Barry Ward (Iarrthóir olltoghchán do Fine Gael i nDún Laoghaire BÁC); Niamh Uí Bhrian (Gript); Donnacha Ó hÉallaithe (Gníomhaí Pobail & Rúnaí Chumann Forbartha Chois Fharraige); Clíodhna Ní Mhianáin
Foilsíodh forógra toghchán Pobal Seachas Brabús inniu - deir siad go mbeidh oideachas lán Ghaelach réamhscoile, bunscoile agus meánscoile ar fáil do gach páiste. Labhair Síomha Ní Aonghusa, Iarrthóir do Phobal Seachas Brabús i nDáilcheantar Rath an Dún linn faoi seo.
Tá 4000 póilín ar dualgas i bPáras chomh maith le 1600 Gardaí slándála ar eagla go mbeadh aon trioblóid thart ar chluiche sacair na Fraince i gcoinne Iosrael i bPáras anocht. Phléamar an scéal seo le Bairbre Ní Chíosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse.
Sheol Sinn Féin polasaí inimirce nua an pháirtí ar maidin - i measc na moltaí sa pholasaí tá eagraíocht nua stát le plé le iarratais ar thearmainn agus le lóistín a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil iarratais á dheanamh acu. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.