Dúirt an Taoiseah Simon Harris inné go bhfuil sé ag machnamh faoi éileamh go mbunófaí coimisiún fiosrúchán faoi mí-úsáid fisiciúil i scoileanna. Labhair an file agus scíbhneoir Theo Dorgan linn ar an gclár agus é ag cur síos ar an gcuí gur bualadh é ar scoil.
Deireadh fógartha ag gCoimisiún na Meán leis an moratoriam craoltóireachta roimh toghcháin - seo an riail nach raibh cead ábhar a d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar thoradh toghchán a chraoladh ó 2pm an lá roimhré. É seo agus tuilleadh á phlé ag Áine Ní Chiaráin ar pholaitíocht an lae.
Tá breis agus 200 duine básaithe de bharr tuillte tubaisteacha na seachtaine seo sa Spáinn, a bhformhór i gceantar Valencia in oirthear na tíre. Labhair Alexandra Philbin, mac léinn dochtúireachta ag Ollscoil Valencia linn faoi seo.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Alexandra Philbin (Scoláire ag Ollscoil Valencia sa Spáinn); Theo Dorgan (File agus Scríbhneoir); Pádraig Mac Brádaigh (Oifigeach Gaeilge Coláiste na Trionóide); Emmet Ryan (Iriseoir agus Tráchtaire); Caoimh Ní Mhaolaí (Mac Léinn le Dlí Chumann na hÉireann); Sheila Ní Bheaglaoich
Deir Kamala Harris nach aontaíonn sí le cáineadh ar bith ar dhaoine bunaithe ar cé do a chaitheann siad a vóta. Phléamar seo le Máirín Ní Ghadhra, láithreoir an chlár An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra, ar RnaG.
Foilsíodh buiséad na Breataine inniu, agus don chéad uair riamh is bean a foilsíodh é. Bhí an Tráchtaire i Londain Oisín Mac Conamhna linn chun cur síos ar an mbuiséad.
Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitiochta The Irish Times); Máirín Ní Ghadhra (Láithreoir An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra ar RnaG); Oisín Mac Conamhna (Tráchtaire i Londain); Conall Ó Móráin (Saineolaí Airgeadais); An tOllamh John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerydd); Norita Ní Chartúir.
Tá gá le 80,000 oibrí tógala chun riachtanais infrastruchtúr na tíre a sholáthar dár le Comhairle Fhioscach Comhairleach na hÉireann. Bhí an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin linn chun é seo a phlé.
Tá rialtas na hUngáire ag iarraidh feisire Eorpach Iodálach a chur i bpríosún san Ungáir. Labhair an tOllamh John Harrington, Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda in Ollscoil Caerydd linn faoin scéal seo.
Norita Ní Chartúir a bhí linn ar Mír na Meán an tseachtain seo. Na Féilte Tinte - Samhain, (clár ar RTÉ), Crá (clár ar TG4) agus Ceol na gCoillte - Aistear Ceoil Trasatlantach (clár ar TG4) a bhí i measc na cláracha a bhí á phlé aici.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.