Dúirt an Taoiseach Simon Harris inniu go n-ainmneoidh sé duine mar Chathaoirleach ar an gCoiste Meastóireachta Covid-19, coiste fiosrúcháin a gheall Harris go mbunódh sé roimh an olltoghcháin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá Brian Stanley freagrach as a mí iompar fhéin agus ní Shinn Féin. B’shin a dúirt ceannaire Shinn Féin Mar Lou McDonald inniu. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta leis an Irish Independent ar pholaitíocht an lae inniu.
D’fhoilsigh an Vatacáin a céad tuarascáil bhliantúil maidir le cosaint leanaí faoi aois. Moltar i dtuarascáil Choimisiún an Phápa um Chosaint Leanaí go bhfuil gá le cur chuige níos fearr maidir le cúiteamh d’íospartaigh agus le cur chuige níos gairmiúla maidir le cosaint leanaí. Phléamar an scéal seo leis an tAthair Frainc Mac Brádaigh
John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Independent); An tAthair Frainc Mac Brádaigh (Sagart Íosánach); Niamh Ní Bhroin (Ollamh Comhlach leis na Meán Chumarsáide in Ollscoil Agder san Iorua); Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson)
Toghchán Mheiriceá, Na Forbairtí is déanaí sa Mheánoirthear, An Coiré Thuaidh agus an Úcráin, agus agóidí lasmuigh den Pharlaimint i Tbilisi An tSeoirsia a bhí á phlé ag Brian Ó Broin agus Niamh Ní Bhroin ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu.
Tá nach mór 15,000 duine gan dídean anois, an méid is mó riamh de réir figiúirí ón Roinn Tithíochta. Léiríonn na figiúirí a foilsíodh inniu go bhfuil 14,760 duine gan dídean agus go bhfuil 4,561 páiste ina measc. É seo agus tuilleadh á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta ar pholaitíocht an lae.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Frank Reidy (Iar Cheannafoirt Airm agus Saineolaí Míleata; Cormac Chambers (Príomhoide Gaelscoile agus stiúrthóir Féile Nasc); Sheila Ní Bheaglaoich
Frank Reidy,Iar Cheannafoirt Airm agus Saineolaí Míleata agus Cormac Chambers Príomhoide Gaelscoile agus stiúrthóir Feile Nasc a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine agus iad ag plé Brics, na forbairtí is déanaí ó thaobh scéala Shinn Féin agus Toghcháin Meiriceá.
Tá méadú tubaisteach ar an teocht domhanda i ndán dúinn faoi dheireadh an haoise seo má leantar ar aghaidh leis na polasaithe aeráide atá ann faoi láthair de réir tuarascáil nua ó na Náisiúin Aontaithe. Phléamar an scéal seo le Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.