Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); John Harrington (Ollamh le Dlí agus Sláinte Domhanda Ollscoil Caerydd); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Ciarán Dunbar (Scríbhneoir agus Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Dr. Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Rónán Ó Muirthile
Tá sé curtha i leith Pháirtí Lucht Oibre na Breataine ag feachtas Donald Trump go bhfuil siad ag cur isteach ar thoghchán na hUachtaránachta. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir agus John Harrington
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Caroline Kavanagh (Iriseoir i gContae Lú); Conall Ó Móráin (Saineolaí Airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Caoimhe De Barra (Príomhfheidhmeannach Trócaire)
Léiríonn figiúirí nua ón Lár Oifig Staidrimh an tionchar ollmhór atá ag comhlachtaí eachtrannacha agus ag comhlachtaí Meiriceánacha ach go háirithe ar gheilleagair na hÉireann. Phléamar an scéal seo leis an saineolaí airgeadais Conall Ó Móráin.
Tá na Gardaí ag cuardach tí i nDún Dealgan Co Lú mar chuid den fhiosrúchan i dtaca le Kyran Durnin, an buachaill ocht mbliana d’aois atá imithe gan tásc gan tuairisc. Labhair Caroline Kavanagh, Iriseoir i gContae Lú linn faoin scéal seo.
Gabhann Mary Lou McDonald leithscéál leis an ndéagóir ar sheol Niall Ó Donghaile téacsanna míchuí chuige. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
An Rúis agus an tIarthar; Toghchán Mheiriceá agus an Méanoirthear a bhí i measc na scéalta á phlé ar an bpainéal idirnáisiúnta inniu ag Antóin MacUnfraidh, Iar Thaidhleoir agus Caoimhe de Barra, Príomhfheidhmeannach Trócaire.
Tá ullmhúcháin na bpáirithe don Olltoghchán ag treisiú – ceaptar anois gur ar dáta go déanach i mí na Samhna a tharlóidh sé. Phléamar seo leis an bpainéal inniu.
Dúírt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald inniu go gceartódh sí taifead na Dála maidir lena ráiteas an tseachtain seo caite faoi Niall Ó Donnghaile a sheol teachtaireachtaí míchuí go déagóir. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
26 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.