Molann an Comhchoiste go gceadóidh agus go gcuideoidh an tAire Oideachais le bunú agus lonnú bunscoil lán-Ghaeilge nua i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus 12, laistigh de thrí bliana ón mbliain seo. Phléamar an scéal seo le Hazel De Nortúin, Comhairleoir Cathrach le Pobal Seachas Brabús i mBaile Formaid.
Cad iad na ceisteanna atá fós le freagairt maidir le Sinn Féin agus Niall Ó Donghaille? Phléamar seo le Liam Tunney, Iriseoir leis an Belfast Telegraph.
Mairéad Farrell, molta ag Sinn Féin mar chathaoirleach nua ar an gCoiste um Chuntais Poiblí. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá ar a laghad comhairleoir cathrach amháin á fhiosrú i dtaca le líomhaintí gur sháraigh siad an cód eiticí rialtas áitiúil. Labhair an Cllr. Barra Ó hÉanachán, Comhairleoir Neamhspléach ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath linn faoin scéal seo.
Tá foláireamh tugtha ag Meiriceá d’Iosrael níos mó soláthairtí daonnachtúla a scaoileadh isteach i nGaza nó go bhféadfaí srian a chur ar chúnamh míleata Mheiriceá d’Iosrael. Phléamar seo leis an tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson.
Síle Ní Choinceannain a bhí linn ar Mír na Meán an tseachtain seo agus í ag plé Scéalta Ár Stampaí clár teilifíse ar TG4 agus Comhar Mí Dheireadh Fómhair.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Liam Tunney (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Cllr. Barra Ó hÉanachán (Comhairleoir Neamhspléach ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson); Síle Ní Choinceannain
Bairbre Ní Chíosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse agus Ronán McCrea Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Chathair Londain a bhí linn ar an bpainéal Idirnáisiúnta inniu ag plé na forbairtí is déanaí sa mheánoirthear.
15 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.