Aonghus Ó hAlmhain (Innealtóir bogearraí agus blagadóir); Dr. Bríd Nic Craith (Staraí); Míde Nic Fhionnlaoich (Ball de na Daonlathaigh Sóisialta agus Oibrí Catharnachta); Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir).
Thug an Tánaiste Míchéal Martin leid láidir inniu go ndéanfar cinneadh faoi dáta olltoghchán an tseachtain seo chugainn. É seo agus tuilleadh á phlé ag Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir le PA Media ar pholaitíocht an lae inniu.
Scannal Sinn Féin agus na forbairti is déanaí sa mheánoirthear a bhí á phlé ag Ursula Ní Shabhaois,Tráchtaire Polaitiúl agus Enda Hardiman, Innealtóir agus Fear Gnó ar Súil Siar na Seachtaine inniu.
Deir múinteoirí go bhfuil sé ró-dheacair grád Ard a fháil in Irish sna GSCE agus go bhfuil sé seo ag chur daltaí ó dhoras. Phléamar seo le Ciaran Dunbar, iriseoir agus scríbhneoir le Seachtain.
Tá uachtarán Mheiriceá Joe Biden i mBeirlín inniu ag áiteamh ar cheannaire na Breataine, na Fraince agus na Gearmáine leanúint ag tacú leis an Úcráin agus iad fós ag iarraidh an fós a sheasamh i gcoinne ionradh na Rúise. Phléamar an scéal seo le Pádraig Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine.
Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine); Ciarán Dunbar (Scríbhneoir agus iriseoir leis an Belfast Telegraph); Enda Hardiman (Innealtóir agus Fear Gnó); Ursula Ní Shabhaois (Tráchtaire Polaitíúl); Sheila Ní Bheaglaoich
Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Hazel De Nortúin (Comhairleoir Cathrach le Pobal Seachas Brabús ar Chomhairle Cathrach BÁC); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Joseph Mac Aoidh
Dealraíonn sé anois nach bhfuil páirtithe polaitiúila eile chun cos a chur i dtaca maidir le ceapachán Mairéad Farrell ó Shinn Féin le teacht i gcomharbacht ar Brian Stanley mar Chathaoirleach ar Choiste na gCuntas Poiblí. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae.
10 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.