Alex Grogan (Mac léinn sa dara bhliain BA san Oideachas ag Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Garry Bannister (Údar agus Tráchtaire); Tomás Ó Síochain (Príomhfheidhmeannach Udarás na Gaeltachta); Norita Ní Chartúir
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly inniu, gur sheol an chomhlacht tógála BAM, atá i mbun tógála ar Ospidéal nua na Leanaí faoi láthair,sonrasc le haghaidh €25 milliún chuig an Rialtas le haghaidh obair nár chosain ach €200,000. É seo agus tuilleadh á phlé ag Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Polaitíocht an Lae); Cynthia Ní Mhurchú (Feisire Eorpach); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir ar Chearta Digiteacha Éireann); Áine Ní Ghlinn; Una Ní Bhroiméil (Staraí, Údar agus Saineolaí ar Stair Mheiriceá); Peadar De Blúit (Cúntóir Teanga sa Choimisiún Eorpach)
Dúirt Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, inniu gur mhór an náire gur thug beirt bhall foirne de Shinn Féin litreacha teistiméreachta don iar-phreasoifigeach Michael McGonagle, a phléadáil ciontach i gcoireanna gnéasacha an mhí seo chaite. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíóchta RnaG ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá ionad nua Eorpach a chuirfidh ar chumas saoránaigh achomhairc a dhéanamh i gcoinne cinntí de chuid comhlachtaí meáin shóisialta maidir le sárú polasaithe. Phléamar an scéal seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Chearta Digiteacha Éireann.
Una Ní Bhroiméil, Staraí, Údar agus Saineoali ar Stair Mheiriceá agus Peadar De Blúit, Cúntóir Teanga sa Choimisiún Eorpach a bhí linn ar an painéal Idirnáisiúnta inniu.
Dhearbhaigh an Ungáir inniu go gcuirfeadh siad stop le hiasacht €35 billiún Euro atá molta ag Coimisiún na hEorpa chun cabhrú le geilleagair scriosta na hÚcraine. Phléamar seo leis an Feisire Eorpach Cynthia Ní Mhurchú.
Dhá bhliain ó shin ag a seacht nóiméad déag tar éis a trí a tharla an tubaiste ins An Craoslach. Maraíodh deichniúr i bpléasc ag an stáisiún artola ansin ar an 7ú Deireadh Fómhair 2022. Bhí Aiblhe Ó Monacháin linn ar an gclár ag cur síos ar an chomóradh a bhí ann inniu.
Beidh Gardaí Slándála ar dualgas ar sheirbhísí Bhus Átha Cliath ó inniu araghaidh. Deir an chomhlacht gur gá seo a dhéanamh mar go bhfuil eachtraíiompar míshóisialta tar éis méadú fá dhó le cúig bliana anuas. Phléamar seo leis an bpainéal.
5 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.