Tá sé fógraithe go bhfuil an Ríocht aontaithe chun na hOileáin Chagos in Áigéan na hIndia a thabhairt do stát na Muiríse, nó Mauritius. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Gallchóir, Comhfhreagraí Polaitíochta le BBC Alba.
Maraíodh naonúr in aer ionsaí Iosraelach ar Bheiruit aréir. Bhí oibrithe leighis agus tarrthála i measc na ndaoine a maraíodh. Bhí Mícheál Ó hUanachain, Údar agus Iar iriseoir le RTÉ linn chun é seo a phlé.
Mary Hanafin (Iar Aire Oideachais, Abhcóide) Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar Iriseoir le RTÉ); Una Ní Bhroiméil (Staraí, Údar agus saineolaí ar Stair Mheiriceá); Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitíochta le BBC Alba); Conall Mac Dhonnagáin
Tá an tIar Aire Rialtais de chuid Fhianna Fáil Mary O’Rourke tar éis bháis. Bhí sí seacht mbliana is ceithre scór. Labhair an t-Iar Aire Oideachais Mary Hanafin linn faoi Mary O'Rourke.
Rinne Donald Trump coireanna agus é ag iarraidh torthaí an toghchán a chaill sé i 2020 a chur ar ceal de réir aighneacht dlithúil nua ata foilsithe ar ordú breitheamh. Phléamar an scéal seo le Una Ní Bhroiméil, Staraí, Údar agus saineolaí ar Stair Mheiriceá.
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Mícheál Martin go bhfuil saighdiúirí ón tír seo fós slán in ainneoin an méid atá ag tárlú sa Liobáin faoi láthair. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuán Ó Seireadáin ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Dónall Ó hAiniféin (Príomhoide Ghaelscoil Mhichíl Cíosóig in Inis); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí in Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiún Aontaithe); Dómhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey); Gráinne Uí Chaomhánaigh
48 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.