Buiséid ailtéarnach seolta ag Sinn Féin agus na Daonlathaigh Sóisialta inniu. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Labhair Nadia Dobriasnka linn faoin clár faisnéise atá le craoladh TG4 anocht, clár a déanadh scannánú air thar tréimhse dhá bhliain agus a lean í féin agus a mhuintir. Idir Dhá Bhaile - Ó Chív go Corcaigh: is ainm don chlár.
Caitheadh ós cionn €1.4 milliún ar bhothán slándála ag Tithe an Rialtais. Sin a dúradh le Comhchoiste Airgeadais an Oireachtais tráthnóna. Bhí an scéal seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Ian Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachta); Nadia Dobrianska (Tráchtaire agus iar oibrí cearta daonna); Norita Ní Chartúir.
Cháin an Taoiseach an foréigin ón dá thaobh idir Iosrael agus Hezbolladh inniu. Bhí sé ag labhairt tar éis dó bualadh le hArd RúnaÍ na Náisiúin Aontaithe António Guterres. Phléamar an scéal is déanaí le Angus Lambkin Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe.
Dúirt an tIar Thaoiseach Leo Varadkar ag ócáid go gcaithfí an bhéim ar an nGaeilge a laghdú ar mhaithe le géilleadh d'Aontachtóirí in Éire Aontaithe de réir tuairisc i nuachtán ollscoile i Meiriceá. Phléamar an scéal seo le Ian Malcolm, Tráchtaire ar chúrsaí Aontachta.
Lean an slad sa Liobáin ar aghaidh inniu agus níos mó ná 600 duine maraithe. É seo agus na forbairtí is déanaí san Úcráin a bhí á phlé ag Bairbre Ní Chíosáin agus Antóin Mac Unfraidh ar an bpainéal idirnáisíúnta inniu.
Tá gníomhaithe ón ngrúpa Gaelach den eite chlé Misneach tar éis comharthaí sráide i mBaile Átha Cliath a bhfuil nasc impiriúlach nó caipitleach acu dár leo a chlúdach agus cinn Gaelacha a chur ina áit. Phléamar an scéal seo le Kerron Ó Luain, Staraí agus ball de Mhisneach.
Tá fiosrúchan poiblí i dtaca le tragóid an Chraoslaigh á éileamh ag muintir scata acu siúd a maraíodh sa phléasc ag stáisiún artola sa sráidbhaile i nDún na nGall i Deireadh Fómhair 2022. É seo agus tuilleadh á phlé ag Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir le PA Media ar pholaitíocht an lae inniu.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.