Thug Keir Starmer a chéad óráid ag comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre mar Phríomhaire na Breataine inniu. Bhí Seán Ó Cadhain, Tráchtaire i Newcastle Shasana linn ar an gclár chun é seo a phlé.
Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); Seán Ó Cadhain (Tráchtaire i Newcastle Shasana); Kerron Ó Luain (Staraí agus ball de Mhisneach); Dr. Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Antóin Mac Unfraidh (Iar Thaidhleoir)
Thaisteal naoi eitilt a bhfuil an dealramh ann go raibh airm i gcóir Iosrael ó n-iompar acu trí aerspás na hÉireann ó thosaigh an cogadh i nGaza. Seo de réir fiosrúchán rialtais a chuireadh ar bun tar éis tuairisciú ar an suíomh nuachta The Ditch. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Tuairiscíonn Tuairisc inniu go bhfuil imní léirithe ag eagraíchtaí Gaeilge agus oideachais faoin "easpa uaillmhéine" agus "dóchais" a bhaineann leis an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais faoi láthair. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Dúirt an Taoiseach gurbh í an chúis is mó a thug daoine a bhí ag lorg cabhrach ó sheirbhísí Bhaile Átha Cliath do dhaoine gan dídean i mí Iúíl ná go raibh siad ag fágáil soláthar díreach. Dúirt sé gur tháinig níos mó ná 20% de na daoine a bhí ag lorg cabhrach ó lasmuigh den Limistéir Eacnamúil Eorpach. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Tá a dtacaíocht láidir tugtha ag An Taoiseach Simon Harris agus An Tánaiste Micheál Martin araon d'Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins san aighneas le hambasáid Iosrael faoin litir a scríobh an tUachtarán chuig uachtarán nuathofa na hIaráine. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis leis na Naisiún Aontaithe); An Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta Teagaisc Roinn an Léinn Rúisigh & Shlavaigh, Coláiste na Trionóide); Liadh Ní Riada (Bainisteoir ar Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh i mBaile Mhuirne); Siobhán Ní Chualacháin (Abhcóide)
Liadh Ní Riada,Bainisteoir ar Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh i mBaile Mhuirne & Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine inniu. Ionsaithe sa Liobáin agus baol cogaidh le hIosrael ag méadú, Ceapachán Michael McGrath mar Choimisinéar Eorpach um Dhlí agus Ceart agus Cúrsaí Gaeltachta a bhí i measc na scéalta a pléadh.
22 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.