Ar an gclár inniu: Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir), Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG), Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Ardoideachais SF), Aindrias Ó Muineacháin (TD agus Urlabhraí Sláinte Poiblí FF), mír na leabhar le hÁine Ní Ghlinn agus mír na meán le Gráinne Uí Chaomhánaigh.
Phléasc gléasanna leictreonacha ar fud na Liobáine inniu. Chuir Hezbollah an milléan ar Iosrael ach níl seo admhaithe ag Iosrael. Labhraímid faoi seo le Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir).
Treoirlínte pleanála don Ghaeltacht, €13 billiún ó Apple, ardú ar phraghasanna tithíochta, Sinn Féin ag dul i léig sna pobalbhreitheanna agus dáta an Olltoghcháin - pléimid filleadh na Dála le Máiréad Farrell (TD agus Urlabhraí Ardoideachais SF) agus Aindrias Ó Muineacháin (TD agus Urlabhraí Sláinte Poiblí FF).
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); David Leydon (Ceannaire Bídh & Gnó talmhaíochta le Comharchumann IFAC); Dan Dowling (Gníomhaí le Gaillimh in aghaidh Cogaíochta); Annemarie Ní Churráin (File); Niamh Ní Bhroin (Ollamh Comhlach leis na Meán Chumarsáide in Ollscoil Agder san Iorua); Peadar De Blúit (Cúntóir Teanga sa Choimisiún Eorpach)
Ceapadh Michael McGrath mar choimisineir Eorpach do chúrsaí dlí agus cirt inniu. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Labhair Dan Dowling gníomhaí le Gaillimh in Aghaidh na Cogaíochta faoi éilimh ar bhaghcatt ar óstán sa Ghaillimh a bhfuil nasc aige leis an IDF.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.