Tá cead pleanála faighte i gcóir togra €38 milliún chun athfhorbairt a dhéanamh ar an airéine náisiúnta cispheile i dTamhlacht. Phléamar an scéal seo le Emmet Ryan, Iriseoir agus Tráchtaire.
Seoladh Plean Cúram Leanaí Sinn Féin tráthnóna. Labhair Pearse Doherty, TD de chuid Shinn Féin agus Urlabharaí Airgeadais an Pháirtí linn faoin bplean.
Plean Cúram Leanaí SF agus Meitheal Machnaimh Fine Gael a bhí á phlé ag Harry McGee, Comhfhreagraí Polaitíochta le The Irish Times ar pholaitíocht an Lae inniu.
Tá laghdú ar ús morgáiste ar an slí do dhaoine le morgáistí rianacha tar éis do Bhanc Ceannais na hEorpa laghdú ar a ráta úis a fhógairt. Phléamar an scéal seo le Seán Byrne, Iar Léachtóir san Eacnamaíocht, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath.
Maraíodh seisear oibrí le UNRWA in ionsaí diúracáin Iosraelach ar scoil i lár Gaza. Phléamar an scéal seo le Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe.
Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Pearse Doherty (TD de chuid Shinn Féin agus Urlabharaí Airgeadais an Pháirtí); Seaán Byrne (Iar Léachtóir san Eacnamaíocht, Ollscoil Teicneolaíochta BÁC); Anna Heussaff (An Scríbhneoir); Katie Whelan
Pléann Rónán Mullen, Seanadóir ar phainéal NUI , an t-athrú ar cheart vótála don tSeanad le Fachtna
10 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.