Pól Ó Meara, Aisteoirí Thamhlachta, ag insint do Thristan Rosenstock faoin Dráma le Pádraig Mac Piarais atá le stáitsiú amuigh faoin aer i nGleann na Smól
Éadaoin Heussaff, Urlabhraí ar son ‘Children’s Rights not Flights’ agus í ag labhairt le Tristan Rosenstock faoi iarrachtaí Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath an uasteorainn ar eitiltí ag an aerfort a shárú
Beidh oideachas faoi chúrsaí gnéasachta agus toilithe, pornagrafaíochta agus eile éigeantach do dhaltaí sa tsraith shinsearach i ngach iar-bhunscoil ó 2027. Phléamar an scéal seo le Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Breandán Ó Dufaigh (Príomhoide Choláiste Oiriall); Tonaí Ó Rodubih (Oifigeach Forbartha Gaeloideachas); Tomaí Ó Conghaíle (Scríbhneoir agus Bunaitheoir na hIrise Nós); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson)
47 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.