D’fhoilsigh Amharclann na Mainistreach fionnachtain Thuarascáil Crowe inniu, tuarascáil a choimisiúnaigh an Amharclann chun iniúchadh a dhéanamh ar eachtraí a tharla faoi iarstiúrthóirí na hAmharclainne, Neil Murray agus Graham McLaren. Phléamar an scéal seo le Marianne Ní Chinnéide, Stiúrthóir Amharclainne.
Tá comhairle dlí á lorg ag an Taoiseach Simon Harris ón Ard-Aigne faoin margadh trádála idir Iosrael agus an Aontas Eorpach a chur ar fionraí. É seo agus tuilleadh á phlé ag Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta ar pholaitíocht an lae inniu.
Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Marianne Ní Chinnéide (Stiúrthóir Amharclainne agus léachtóir ar chúrsaí dhrámaíochta agus amharclannaíochta in Ollscoil na Gaillimhe); Cormac Chambers (Príomhoide Gaelscoile & Stiúrthóir Féile Nasc); Mary Hanafin (Abhcóide agus Iar Aire Oideachais); Cuán Ó Flatharta; Tristan Rosenstock
Mharaigh saighdiúrí Iosrael cúigear i mosc i gcathair Tulkarm sa Bhruach Thiar aréir. Phléamar an scéal seo le Bertie Ó hAinmhire, Urlabharaí ar son Dlúthpháirtíocht na Gaillimhe don Phailistín.
An Tánaiste Mícheál Martin sa Bhruiséil inniu. É seo agus na scéalta móra eile á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Gearóid Ó Muilleoir (Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Seachtain); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Bertie Ó hAinmhire (Urlabharaí ar son Dlúthpháirtíocht na Gaillimhe don Phailistín); Muireann Ní Mhóráin (Áitritheoir An Charraig Dubh); Síle Ní Choinceannain
Tá An Stáit ag bogadh daichead teifeach Úcráineach ó loistín sa Charraig Dubh. Labhair Muireann Ní Mhóráin, Áitritheoir, An Charraig Dubh linn faoin scéal seo.
Labhair Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Seachtain linn faoi Ceannaire an SDLP Colum Eastwood a d’éirigh as inniu.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.