Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Conall Ó Móráin (Saineolaí Airgeadais); Ciarán Mac an Bhaird (Ceann Scoile, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair BÁC); An Dr. Darach Ó Ciadhra i gcúram sláinte príomhúil i Scoil an Leighis, Coláiste na Trionóide)
I measc na scéalta a bhí á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RnaG ar pholaitíocht an lae inniu, bhí cúrsaí tithíochta agus an Coimisiún um Pá Íseal ag moladh ardú de €1 in aghaidh na huaire a dhéanamh ar an bpá íosta.
Tá ráta fáis dhaonra na hÉireann ag ardú ceithre huaire níos tapúla ná an ráta tógáil tithe nua, de réir taighde nua ón ngíomhaire Eastáit Saville. Phléamar seo le Conall Ó Móráin agus Ciarán Mac Giolla Bhaird.
Bhí An Scríbhneoir Anna Heussaff linn ar an gclár inniu agus í ag cur síos ar an mBealach Gorm. An tseachtain seo labhrann sí faoin turas a thug sí go dtí an Normainn.
Bhí tuairim is 20,000 duine ag léirsiú ar shráideanna Bratislava na Slóváice inné, agus iad ag cur i gcoinne beartas nua ón rialtas institiúidí cultúrtha a chaitheamh i dtrapaisí. Phléamar an scéal seo le James Ó Conaill, Léachtóir in Ollscoil MATEJ BEL sa tSlóvaic.
Tá cruinniú á lorg ag An Foras Pátrúnachta leis an Roinn Oideachais maidir le easpa soláthar don oideachas lán-Ghaeilge. Phléamar seo le Cormac McCashin, Bainisteoir Tacaíochta nua leis an bhForas Pátrúnachta.
Bhí ardú 8.6% ar an meán ar phraghsanna áras cónaithe sa Stát - idir thithe agus árasáin - i gcaitheamh na mbliana go deireadh mhí an Mheithimh seo caite, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.