Bhí tuairim is 20,000 duine ag léirsiú ar shráideanna Bratislava na Slóváice inné, agus iad ag cur i gcoinne beartas nua ón rialtas institiúidí cultúrtha a chaitheamh i dtrapaisí. Phléamar an scéal seo le James Ó Conaill, Léachtóir in Ollscoil MATEJ BEL sa tSlóvaic.
Tá cruinniú á lorg ag An Foras Pátrúnachta leis an Roinn Oideachais maidir le easpa soláthar don oideachas lán-Ghaeilge. Phléamar seo le Cormac McCashin, Bainisteoir Tacaíochta nua leis an bhForas Pátrúnachta.
Bhí ardú 8.6% ar an meán ar phraghsanna áras cónaithe sa Stát - idir thithe agus árasáin - i gcaitheamh na mbliana go deireadh mhí an Mheithimh seo caite, de réir figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Tabharfaidh Stáit Aontaithe Mheiriceá luach 20 billiún dollar d’armlón d’Iosrael, in ainneoin imní foirleathan go bhfuil Iosrael ag sárú dlí idirnáisúnta. Phléamar an scéal seo le Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Cormac McCashin (Bainisteoir Tacaíochta leis an bhForas Pátrúnachta); James Ó Conaill (Léachtóir in Ollscoil MATEJ BEL sa tSlóvaic); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na NA); Áine Ní Ghlinn
Tá sé mar sprioc ag an Rialtas go mbeidh milliún carr leictreach ar bhóithre na tíre seo faoi 2030. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá cúig ollscoil san ardchathair ag reachtáil Digs Drive chun dul i ngleic leis an easpa lóistín atá ann do dhaltaí ollscoile. Labhair Pádraig Mac Brádaigh, Oifigeach na Gaeilge, Aontas Mhic Léinn, Choláiste na Trionóide linn faoi seo.
Tá geall le míle ciliméadar cearnah de thaillte i gceantar Kursk na Rúise gafa ag na hÚcráinigh. Labhair Frank Reidy, Iar Cheannfoirt Airm & Saineolaí Míleata linn faoin scéal seo.
An agallamh a rinne Donald Trump le Elon Musk, Gaza agus na tinte sa Ghréig a bhí i measc na scéalta á phlé ag Michael McCaughan,Iriseoir agus Caomhán Ó hÓgáin, Aistritheoir leis an gComhairle Eorpach sa Bhruiséil inniu.
20 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.