Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

Seachtain episodes

  • Seanadóir Niall Ó Donnghaile ainmnithe san 'inappropriate' text message scandal
    Tá Sinn Féin gnóthach ag iarraidh an scannal is déanaí a láimhseáil. Tá sé admhaithe ag an iar Sheanadóir Niall Ó Donnghaile gur eisean atá taobh thiar de na líomhaintí a bhaineann le téascanna míchuí a sheoladh chuig deagóir. D’éirigh Niall Ó Donnghaile as a ról mar Sheanadóir anuraidh. Labhair Seachtain le Ciarán Dunbar, iriseoir leis an Belfast Telegraph faoin scannal is deanaí seo.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    14 min
  • Brian Stanley agus raic eile i Sinn Féin: Cad é atá ag tarlú sa pháirtí?
    Tá an cuma ar Shinn Féin go bhfuil an páirtí trína chéile. I measc roinnt scannal eile , d'éirigh an TD Brian Stanley as Sinn Féin ag an deireadh seachtain. Bhí fiosrúchán ar bun ag an Pháirtí maidir le líomhaintí a bhí curtha ina leith. Pléann Tessa Fleming an titim amach seo leis an iriseoir Gráinne Ní hAodha agus le Clár Reachtaire Raidió na Life, Conchúr Ó Faoláin.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • ‘Russian spy’ san Oireachtas agus Óglaigh na hÉireann on the frontlines in Lebanon
    Tá Iosrael tar éis ionradh a dhéanamh ar an Liobáin agus iad ag iarraidh Hezbollah a scriosadh agus tá Hezbollah ag troid ina coinne. I lár na coimhlinte seo, tá scata beag saighdiúirí na hÉireann, cén fáth a bhfuil siad ansin? Tuairiscítear go bhfuil ‘gníomhaire Rúiseach’ ag feidhmiú san Oireachtas – ar cheart go mbeadh imní orainn? Agus tá Sinn Féin ag streachailt agus iad ag iarraidh a mhíniú conas a phléigh siad leis an Michael McMonagle – iar-phreasoifigeach de chuid an pháirtí a bhí á fhiosrú i dtaca le ciontaí gnéis in aghaidh páistí. Láithreoir: Ciarán Dunbar. Painéal cainte: Frank Reidy, Ursula Ní Shabhaois agus Gearóid Ó Muilleoir. Foclóir: Feidhmiú - Operating An Fód a sheasamh - To hold fast Tuairisceoireacht - Reporting Sceimhlitheoirí - Terrorists A chloí - To wear down Dlúthchuid - A key part Fáisc - closeby Neodrach – Neutral Spiaire – Spy Daonlathas - Democracy Thar fóir - Exaggerated Dílseach - Loyalist In amhras – In doubt A mhealladh – To entice Coireanna - Crimes Daingean - Absolute

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    20 min
  • Heartstopper: An briseadh nó ardú croí iad na haistriúcháin?
    Tá leagan úr den leabhar sárdhíola, Heartstopper, foilsithe ag Futa Fata, sé seo an chéad leabhar sa tsraith iomráiteach ar ar bunaíodh an seó rathúil ar Netflix. Ní hé Heartstopper an chéad uair go bhfuil leabhar cáiliúil aistrithe do Ghaeilge ach spreagann sé comhrá - céard iad na leabhair Ghaeilge a mholfá do do chairde? Chomh maith leis, cén leabhar ar mhaith leatsa a fheiceáil aistrithe? San eagrán seo, roinneann Sinéad Ní Scolaí a gcuid tuairimí faoin leagan Ghaeilge den leabhar Heartstopper agus molann sí cúpla leabhar gur féidir leatsa a léamh sna míonna amach romhainn. Foclóir: Comhghnéis - same-sex Aistrithe - translated Forbraíonn - develop Éileamh - demand LADTA - LGBTQ Soineanta - innocent Eispéireas - experience Streachailt - Struggle Déghnéasach - bisexual Litríocht - literature Féiniúlacht - identity or selfhood Bleachtaireachta - detective Físiúil - visual Mionlaigh - Minority Imeallú - marginalisation

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Páirc na Gaeltachta: Why did Dublin's 'Gaeltacht' fail?
    Nuair a smaoiníonn muid ar Ghaeltacht, is minic a thagann íomhá chugainn d'áit iargúlta, cois farraige, ar imeall na tíre. Ach le 100 bliana anuas, rinneadh iarrachtaí déanta le nua-Ghaeltachtaí a bhunú sna cathracha agus ar imeall na bailte móra. Amharcann Ursula Ní Shionainn siar ar roinnt de na hiarrachtaí seo. Cad chuige gur éirigh le ceann nó dhó ach gur theip ar an chuid is mó acu?

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    20 min
  • Buiséad Bonanza ach céard faoin nGaeltacht?
    Tá na ceannlínte dearfach den chuid is mó tar éis don Aire Airgeadais is óige ó aimsir Mhichíl Uí Choileáin, Jack Chambers, a chéad Bhuiséad a chur faoi bhráid an Rialtais. Anois agus muid ag breathnú chun tosaigh agus ag faire ar olltoghchán an bhfuil muid in ann mórán a aithint a bheadh ar mhaithe leis an nGaeilge agus leis an nGaeltacht? San eagrán seo de phodchraoladh Seachtain, tá an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin agus an podchraoltóir Conall Ó Móráin. Foclóir: Cáináisnéis - budget Buiséad - budget Caiteachas - expenditure Airgeadais - financial Urlabhraí - spokesperson Infheistíocht - investment Díograiseach - diligent Feachtas - campaign Géarchéim - crisis Bunriachtanas - essentials Fostaíocht - employment Saol na tuaithe – country life dícheangal - detachment

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    27 min
  • An UDA agus an UVF ag cur i gcoinne Bhunscoil Gaeilge i mBéal Feirste
    Tá pleananna ar bun le bunscoil Gaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. Tá baint ag an ghníomhaí teanga Linda Ervine le bunú an scoil. Ach, bhuail an Loyalist Communities Council leis an Aire Oideachais Paul Given an tseachtain seo le hiarraidh air stop a chuir leis. Ach cé hiad an LCC agus cén fáth a bhfuil baill ó ghrúpaí paraimíleata mídhleathacha ag buaileadh leis an aire maidir le Gaelscoil? Labhair Tessa Fleming leis an iriseoir Ciarán Dunbar, agus le Cathaoirleach Naíscoil na Seolta, Aodán Mac Shéafraidh.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Exclusive interview: Retiring Ceannasaí TG4 Alan Esslemont - 'ní bheadh suim agam sa Ghaeilge gan Gaeltacht.
    Tá cuardach ar bun ag TG4 chun Ard-Stiúrthóir a aimsiú anois agus Alan Esslemont ag dul ar scoir san Earrach. Tá sé sa ról ó bhí 2016 ann. Duine de na bainisteoirí a bhunaigh TnaG a bhí ann, an stáisiún a d’athraigh go TG4 i 1999. Labhair sé le Ciarán Dunbar faoina thréimhse féin sa ról, faoi na dúshláin a bheas os comhair an té úr sa ról, agus cad é a bheas ar na bacáin aige amach anseo. Foclóir: Ard Stiúrthóir - Director General - Dul ar scor – Retire - Seasta – Constant - Faraor – Alas - Theip – Failed - Tuiscint – Understanding - Fáil réidh - Get rid of - Dóthain - Enough - Caomhnú - Preserve - Earcú - Recruit - Dearfach – Positive - Ar a laghadh – At least - Rún - Secret - Luchmhar – Valuable - Flosc chun oibre - Eagerness for work Solubhtha – Flexible - Ag teacht i gcomharbacht ort – to succeed you.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Ar imirce: Is emigration a just rite of passage dúinn mar Éireannaigh?
    Tá muid ag imeacht linn le fada, ag fágáil slán ag an bhfód dúchais agus imeacht ar imirce. Agus d’ainneoin shaibhreas na linne seo tá muid ag imeacht i gcónaí. Cén fáth a bhfuil muintir na tíre seo chomh tógtha leis an domhain a thaiscéal? Labhair Ciaran Dunbar leis an tionchaire Caroline Seoighe atá lonnaithe in Dubai, agus leis an mhúinteoir Rachel King, atá in Qatar. Foclóir Thar lear – abroad – táithí oibre – work experience – eispéireas - experience – Eachtrannach - foreign – Coitianta – usual – Cumha i ndiaidh an bhaile - homesickness – Airím uaim – I miss – Tionchaire – influencer – Choíche - never – Annamh – rare – Deifir – hurry – Ganntanas – a lack – Geal – Bright – Árasán – apartment – Socrú isteach – settle in – An Meánoirthear – the Middle East –

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Toghchán na Samhna: Cad is féidir le Simon Harris a fhoghlaim óna chuid predecessors?
    Cé go bhfuil muid ar fad ag súil le toghchán spleodrach transa an Atlantach i mí na Samhna idir Trump agus Harris, seans go mbeidh olltoghchán idir lámha againn féin, agus Harris dár gcuid féin ag smaoineamh ar dhul sa tseans. Ach, an é seo an t-am is fearr le toghchán a shocrú? Cad é is féidir le Simon Harris foghlaim ó na Taoisigh a chuaigh roimhe maidir le tábhacht ‘timing’ toghcháin? Labhair John Downing, comhfhreagaí polaitiúil an Irish Independent, le Tessa Fleming faoinam is fearr le toghchán a reáchtáil. Foclóir: Oll-toghchán – general election - Geilleagar - economy - A loit – to hurt - Boithrín na smaointe – memory lane - Gearchéim – crisis - Clis – crash - Go hachrannach – acrimoniously - Eisceachtúil – exceptional - Teipeanna – failures - Triúracht - Troika - Cuimsitheach - comprehensive - I mbarr a réime – at his peak - Tapaigh an deis – seize the opportunity - Iarrthóirí – candidates - Comhghleacaí – colleagues - Focal scoir – to conclude -

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min

About Seachtain

From the publisher's feed

Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge. 

More shows like Seachtain

Callan's Kicks by RTÉ Radio 1

Callan's Kicks

44 Listeners

Inside Politics with Hugh Linehan by The Irish Times

Inside Politics with Hugh Linehan

142 Listeners

Indo GAA by Irish Independent

Indo GAA

22 Listeners

The Left Wing by Irish Independent

The Left Wing

59 Listeners

The Big Tech Show by Irish Independent

The Big Tech Show

17 Listeners

Real Health with Karl Henry by Irish Independent

Real Health with Karl Henry

34 Listeners

The David McWilliams Podcast by David McWilliams & John Davis

The David McWilliams Podcast

347 Listeners

Brendan O'Connor by RTÉ Radio 1

Brendan O'Connor

91 Listeners

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá by Seán Ó Dubhchon

Seal le Seán ar Raidió Rí-Rá

3 Listeners

Today with David McCullagh by RTÉ Radio 1

Today with David McCullagh

39 Listeners

Raidió na Life 106.4FM by Raidió na Life 106.4FM, www.raidionalife.ie

Raidió na Life 106.4FM

0 Listeners

In The News by The Irish Times

In The News

50 Listeners

The Indo Daily by Irish Independent

The Indo Daily

108 Listeners

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning by Gold Hat Productions

Free State with Joe Brolly and Dion Fanning

67 Listeners

The Group Chat by Virgin Media News

The Group Chat

6 Listeners

How To Gael by How To Gael

How To Gael

32 Listeners

I'm Not Here To Hurt You by Irish Independent

I'm Not Here To Hurt You

40 Listeners

Indo Sport by Irish Independent

Indo Sport

54 Listeners

Under the Grill by Irish Independent

Under the Grill

0 Listeners

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal by Tuairisc

AN POD GAEILGE - Tuairisc Ó Bhéal

0 Listeners

Behind the Story by RTÉ News

Behind the Story

13 Listeners

Money Talks by Irish Independent

Money Talks

2 Listeners

Just Between Us with Jennifer Zamparelli by Irish Independent

Just Between Us with Jennifer Zamparelli

6 Listeners