Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir ar Chearta Digiteach Éireann); Diarmuid Ó Sé (Iar-Ollamh Comhlach, An Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath); Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir); Aonghus Ó Lochlainn
Tá bille poblachtánach diúltaithe ag reachtaíocht na Stáit na Aontaithe rud a chiallaíonn go bhféadfaidh an rialtas dúnadh thar an Nollag. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Gnóthaí Poiblí.
Tá méadú tagtha ar an méid téacsanna smioscareachta a fhaigheann daoine. Labhramar le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Chearta Digiteacha Éireann faoi seo.
Diarmuid Ó Sé agus Réaltán Ní Leannáin a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine an tseachtain seo. Abmasáid Iosrael ag fágaint Éire, filleadh na Dála agus togha Verona Murphy agus Torthaí Suirbhé Choimisiún na Meán ar na meáin Gaeilge a bhí i measc na scéalta a phléadh.
Tá Iosrael théis ionsaí a dhéanamh ar infreastruchtúr fuinnimh agus ar chalafoirt i gcríocha Éimin atá faoi smacht ag lucht Houthi, agus bhagair siad go bhféadfadh tuilleadh ionsaithe a bheith ar na bacáin. Phléamar an scéal seo le Michéal Ó hUanacháin, Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ.
Bhí Joseph Mac Aoidh linn le roinnt scéalta suimiúla ó na nuachtáin áitúil.
7 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.