Diarmuid Ó Sé agus Réaltán Ní Leannáin a bhí linn ar Súil Siar na Seachtaine an tseachtain seo. Abmasáid Iosrael ag fágaint Éire, filleadh na Dála agus togha Verona Murphy agus Torthaí Suirbhé Choimisiún na Meán ar na meáin Gaeilge a bhí i measc na scéalta a phléadh.
Tá Iosrael théis ionsaí a dhéanamh ar infreastruchtúr fuinnimh agus ar chalafoirt i gcríocha Éimin atá faoi smacht ag lucht Houthi, agus bhagair siad go bhféadfadh tuilleadh ionsaithe a bheith ar na bacáin. Phléamar an scéal seo le Michéal Ó hUanacháin, Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ.
Bhí Gráinne Ní Aodha, Tuairisceoir le PA Media agus Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta linn ag plé Gradam Polaitiúla na Bliana 2024.
I gcúirt in Avignon sa Fhrainc, gearradh fiche bliain príosúin ar fhear faoina bhean chéile a chur i dtámh le drugaí agus a héigniú go rialta agus faoi ligean do thart ar leathchéad fear eile í a éigniú go rialta idir 2011 agus 2020. Phléamar seo le Bairbre Ní Chiosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse.
Dr. Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media); Mícheál Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ); Joseph Mac Aoidh
Síle Ní Choinceannain a bhí linn ar Mhír na Meán an tseachtain seo. Labhair sí faoin dá ainmniúchán atá faighte ag Scannán Kneecap le haghaidh Oscar. Bhí sí ag plé clár teilifíse La Vie sa Bhruiséil agus Éadaí SOS freisin.
Bhí Áine Ní Ghlinn linn ar an gclár inniu agus í ag plé an leabhar Scéalta Nollag le Alan Titley.
10 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.