Bhí Barry Ward Teachta Dála Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Donnchadha Ó Laoghaire, Teachta Dála Shinn Féin i gCorcaigh Lár Theas linn ar an gclár agus iad ag plé an 34ú Dáil ag teacht le chéile don chéad uair inniu
Níor éirigh le Mary Lou McDonald sa vóta nuair a cuireadh í chun tosaigh inniu do phost an Taoisigh. É seo agus scéalta móra polaitíochta an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Liadh Ní Riada (Iar Fheisire Eorpach le Shinn Féin agus Bainisteoir ar Ionad Cultúrtha an Dr. Ó Loinsigh i mBaile Mhuirne); Barry Ward (TD Fhine Gael i nDún Laoghaire); Donnchadha Ó Laoghaire (TD Shinn Féin i gCorcaigh Lár Theas); Áine Ní Ghlinn; Síle Ní Choinceannain
Tháinig laghdú ar an infheistíocht agus na jabanna a mheall an IDA go hÉireann i mbliana i gcomparáid leis an mbliain seo caite de réir tuarascáil bhlaintúil na heagraíochta a foilsíodh inniu. Labhair Frank Ryan, Iar-Chathaoirleach an IDA linn faoin scéal seo.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Frank Ryan (Iar-Chathaoirleach an IDA); Rónán Ó Muirthile (Ceann Dáimhe, Institiúd Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Peadar De Blúit (Cúntóir Teanga i gComhairle an Aontas Eorpaigh
Dúirt 85% de phobal na Gaeltachta go bhfuil go bhfuil siad sásta le caighdeán an ábhar Gaeilge a ndéanann siad rochtain ar sna meáin de réir suirbhé nua a rinne Coimisiún na Meán. Labhair Rónán Ó Muirthile, Ceann Dáimhe, Institiúd Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire linn faoin scéal seo.
Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir agus Peadar De Blúit, Cúntóir Teanga i gComhairle an Aontas Eorpaigh a bhí linn ar an bPainéal Idirnáisiúnta inniu. Pléasc buama lasmuigh de bhloc árasán i Moscó; vóta muiníne caillte ag Olaf Scholz sa Pharlaimint inné agus tuilleadh á phlé ag an mbeirt.
Dúirt scata ball de pháirtí parlaiminteach FF le RTE R na G nach féidir talamh slán a dhéanamh de go vótáilfidh baill an pháirtí ar son Verona Murphy mar cheann comhairle mar atá molta ag ceannaire an pháirtí Micheál Martin. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
Tá an comórtas le bheith mar an céad Ceann Comhairle eile ag éirí níos géire. Tá Aengus Ó Snodaigh ó Sinn Féin ag geallúint go dtabharfaidh sé cuid den tuarastal €255,000 ar ais má thoghtar é an tseachtain seo. Phléamar an scéal seo leis an bpainéal.
Anna Heussaff (An Scríbhneoir agus an Tráchtaire Comhshaoil); Séin Ó Muineacháin (Teachta Dála Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thiar Meán); Déaglán De Breádúin (Iriseoir agus Údar); Conchúir Ó Maoilbhe (Ollamh Comhlach i Scoil na Staire, Coláiste Ollscoile BÁC)
47 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.