Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Domhnall Ó Catháin (Abhchóide i New Jersey); Rónán Ó Domhnaill (Coimisinéir Forbartha na Meán, Coimisiún na Meán); Áine Ní Ghlinn; Angus Lambkin (Comhordaiteoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Déaglán de Bréadún (Iriseoir, Údar agus Colúnaí leis an Irish News)
Tuairiscíodh ar maidin go bhfuil obair breise le déanamh ar seomraí obráide in Ospidéal na Leanaí; Labhair An t-Aire Dlí agus Cirt Helen McEntee maidir le ceamaraí coirp do Ghardaí. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae inniu.
Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar ag comhdháil i mBaile Átha Cliath gur seans go mbeidh vóta teorainn “cloíte” dá mbeadh ceann anois agus gur fadhb a bheadh ann dóibh siúd i bhfabhar aontú.
Tá leithscéal gafa ag an Uachtarán Michael D Ó hUigín le Cathaoirleach Fóram Slándála an Rialtais faoin méid a dúirt sé fúithi in agallamh leis an Business post inné. É seo agus cúrsaí neodrachas á plé ag an bpainéal.
Níl ach leath na ndaoine atá i dteideal creidmheas cánach don chíos atá a n-íoc acu tar éis cur isteach air. É seo agus seoladh feachtas inniu ag éileamh ar an rialtas an pinsean stáit a mhéadú.
An tAire Norma Foley os comhair Chomhchoiste Gaeilge an Oireachtais, Coiste Dála um Bhás Cuidithe agus Trump na scéaltaí a bhí á bplé ar Súil Siar na Seachtaine an tseachtain seo.
Chan Paolo Nutini amhrán in omós do Christy Dignam i rith na seachtaine, Ceolchoirm an Coronas, Féile Bia agus tuilleadh á phlé ag Sinéad Ní Scolaí ar Mír na Siamsaíochta inniu.
Léiríonn figiúrí nua ó Tusla méadú ollmhór i líon na bpáistí atá as láthair ón scoil mar gur thóg a dtuismitheoirí ar laethanta saoire iad. Bhí Seán ó hArgáin linn ar an gclár chun é seo a phlé.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.