Inniu: Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Seán Ó hArgáin (Iar-Príomhoide Ghaelscoil Osraí Cill Chainnaigh agus Iar-Uachtarán Ghaeloideachas); Ursula Ní Shabhaois (Stiúrthóir Cinnteacht Comhlacht Comhairleoira); Ógie Ó Céílleachair (Údar agus Múinteoir i nGaelcholáiste Luimnigh); Sheila Ní Bheaglaoich; Sinéad Ní Scolaí
Tá leithscéal gafa san ArdChúirt ag ionadaithe Choimisinéir an Gharda Síochána le Cathaoirleach Ghlór na nGael agus iar-Aire na Gaeltachta Pat Carey, as eolas príobháideach faoi a sceitheadh agus líomhaintí ina choinne a bhfiosrú i 2015 - é seo agus tuilleadh á phlé ag Áine Ní Chiaráin.
Inniu: Seán Kelly (Feisire Eorpach Fine Gael); Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitiúl BBC Alba i nDún Éideann); Áine Ní Ghlinn; Síle Ní Choinceannain; Aonghus Ó Lochlainn
Rinne iar-phríomh Aire na Breataine Boris Johnson díspeagadh parlaiminthe arís agus arís eile nuair a shéan na firicí faoi chóisireacha i Sráid Downing le linn na paindéime. Labhair Niall Ó Gallchóir linn ar seo.
Scéalta ón Northern Sound, Wicklow News, Cork Beo, Roscommon Herlad agus Connacht Tribune a bhí Síle Ní Choinceannain ag plé leis ar Mír na Meán Áitiúl inniu.
Vótáil parlaimint na hEorpa ar son aon suíochán déag breise a chur le méid na suíocháin sa Pharlaimint don céad toghcháin Eorpacha eile. Gheobhaidh Éire suíochán amháin sa bhreise faoin socrú seo. Labhair Seán Kelly ar an gclár faoi seo agus vóta maidir le athchóiriú dúlra.
Bhí raic sa Dáil inniu idir An Tánaiste agus TD Pobal Seachas Brabús Paul Murphy. Labhair Aonghus Ó Lochlainn linn faoin méid a thit amach.
3 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.