Bhí a chéad cruinniú poiblí ag Coiste Oireachtais nua inniu a bheith ag déanamh iniúchadh ar bhás cuidithe. Tá 14 teachta dála agus seanadóir ar an gCoiste agus an Teachta Dála neamhspléach Michael Healy Rae ina chathaoirleach air. Labhair Pa Daly linn faoi seo.
Inniu: John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta Irish Independent); Póilín Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Pa Daly (Teachta Dála le Sinn Féin); Anna Heussaff (An Scríbhneoir & Tráchtaire Comhshaoil); Míchéal Ó hUanacháin (Údar agus Iar-Iriseoir le RTÉ); Una Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá, Coláiste Mhuire Gan Smál Luimneach)
Dúirt an Feisire Parlaiminte de chuid Shinn Féin John Finucane go bhfuil sé de cheart ag gach dream sa sochaí comóradh a dhéanamh ar na mairbh. - Pléadh seo ar an bpainéal.
Tá an FSS le tús a chur le feachtas earcaíochta chun dochtúirí comhairleacha a mhealladh chun oibriú sa chóras sláinte anseo. Labhair an tOllamh Dr. Dáithí Mac Giobúin agus an Painéal ar seo.
Tá 27 grúpa comhshaoil, sóisialta agus deonach ag éileamh ar an rialtas leas a bhaint as an mbuiséid le dul i ngleic le bochtanas breosla agus deireadh a chuir le spléachas na hÉireann ar breoslaí iontaise i gcóir téamh tithe - Pléadh seo ar an bpainéal.
Inniu: Diarmuid Ó Muirgheasa (Príomhfheidhmeannach Olus Education); Fiona Coyle (Príomhfheidhmeannach An Fhóram Meabharshláinte); Frank Allen (Cathaoirleach Iarnróid Éireann agus Cathaoirleach Cór Energy); Máirín Hurndall (Tráchtaire agus Craoltóir); An tOllamh Dr. Dáithí Mac Giobúin, Ollamh le Paiteolaíocht in Ospidéal N. Uinsinn
Polasaí na n-Oileán, Damba na hÚcráine agus íocaíocht in áit iarrthóirí tearmainn - pléimid príomhscéalta na seachtaine le Róisín Ní Choisdealbha (Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí in Ollscoil Chathair Átha Cliath) agus Déaglán de Bréadúin (Iriseoir, Údar agus Colúnaí leis an Irish News).
Tá Donald Trump cúisithe ag ardghiúiré feidearálach mar gheall ar cháipéisí rúnda rialtais a choinneáil tar éis dó imeacht as an Teach Bán agus mar gheall ar bhac an cheartais. Labhraímid faoi seo le Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá).
Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi stát na hAraibe Sádaí ag ceannach imreoirí gailf agus sacair, brú ar réiteoirí CLG agus folúntais do bhainisteoirí contae.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.