Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil sí cinnte go bhfuil daoine ann nach bhfuil sásta gur ghlac sí saoire máithreachais don dara uair. É seo á phlé ag Áine Ní Chiaráin.
Ba chóir go mbeadh dualgas reachtúil ar an rialtas straitéis um uathachas a fhoilsiú gach trí bliana agus go mbeidh coiste ar a mbeidh daoine uathacha páirteach I ndréachtú na stráitéise. Labhair Ciara Ní Bhroin linn faoi seo.
Dúirt an tAire Oideachais Norma Foley inniu gur mhiath léi go mbeidh rochtain ag gach dalta ar Ghaelcholáiste ach go dtógfadh seo am. Labhair Tristan Rosenstock linn faoi seo
Inniu: Tristan Rosenstock an tí seo; Áine Ní Chiaráin (Tuairisceoir Polaitíochta); Éamon Ó Cuív (Teachta Dála do Ghaillimh Thiar/Maigh Eo Theas, Fianna Fáil); Ciara Ní Bhroin (Oifigeach Forbartha le Gaeloideachas); Garry Bannister
700,000 focal, breis agus 1000 leathanach, aistriúcháin, nathanna úsáideacha agus tuilleadh sa Téasaras Gaeilge-Béarla le Gary Bannister nuafhoilsithe ag New Island Books. Labhair Gary linn ar an gclár faoi seo.
Tháinig firicí ón Lárionad Staidrimh inné a léirigh go n-úsáideann ionaid sonraí in Éireann an méid céanna leitreachais anuraidh agus a d’úsáid tithe chathracha na tíre. Labhair John Downing linn faoi seo.
Tá leithscéal gafa ag na póilíní sa Tuaisceart le ceithre fhear déag ar tugadh drochíde dóibh nuair a ghabhadh iad thart ar leathchéad bliain ó shin. Bhí Póilín Ní Chiaráin linn ar an gclár chun é seo a phlé.
Tá Donald Trump le teacht ós comhair cúirte i Miami Florida inniu i dtaca le cúiseanna gur thóg sé cáipéisí rúnda leis nuair a d’fhág sé an Teach Bán. Labhair Mícheál Ó hUanacháin agus Una Ní Bhroiméil linn faoi seo.
Bhí Anna Heussaff i gCeatharlach ag an deireadh seachtaine agus anois tá sí i Loch Garmain mar chuid don tógra taistil atá ar bun aici le fáil amach cé chomh éasca is atá sé dul ar saoire in Éireann gan gluaisteáin.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.