Socrú nua Eorpach maidir le hiarrthóirí tearmainn agus tuilleadh conspóide faoi reachtaíocht rialtas na Breataine le dul i ngleic le hoidhreacht na dtríoblóidí - scéalta polaitíochta an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times).
Ar an gclár inniu: Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta The Irish Times), Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Meiriceá), Róisín Ní Choisdealbha (Ollamh Cúnta i Scoil an Dlí, DCU), Déaglán de Bréadúin (Iriseoir, Údar agus Colúnaí leis an Irish News), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
Thug Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky cuairt ar an réigiún atá buailte ag tuillte mar gheall ar an bpléas ag damba. Bhí Angus Lambkin linn ar an gclár chun é seo a phlé.
Phléigh an cruinniú rialtais inniu moladh go n-íocfadh an Stát 1.5 milliún euro leis an Aontas Eorpach tois nach féidir leis a gcuid dualagas i leith na dteifeach a chomhlíonadh. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae inniu.
Scéaltaí suimiúla ón Connacht Tribune, Sligo Champion, Kilkenny People, Derry News agus Donegal Daily a bhí á phlé ag Eimear McGovern ar Mír na Meáin áitiúl inniu.
Cad is Gaelscoil ann? An bhfuil aon stádas oifigiúl ag an téarma? Agus an bhfuil na difríochtaí idir scoileanna lán-Ghaeilge sa Ghaeltacht agus Gaelscoileanna a mhaolú? Bhí Seán Ó hArgáin linn ar an gclár chun é seo a phlé.
Cé chomh éasca is atá sé dul ar saoire in Éirinn gan gluaisteán? Labhair Anna Huessaff linn ar an chláir faoi seo agus an tógra atá ar bun aici don tSamhraidh.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagaí Polaitíochta RnaG); Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Kerron Luain (Urlabhraí de chuid an Aontais Tithíochta CATU); Seán Ó hArgáin (Iar Príomhoide Ghaelscoil Osraí Cill Channaigh & Iar Uachtarán Ghaeloideachas); Anna Heussaff (Scríbhneoir agus Tráchtaire Comhshaoil);Eimear McGovern
Tá sé faighte amach ag RTÉ Investigates go bhfuil an Tiarna Talún conspóideach Marc Godart ar dhuine acu siúd is mó atá ag ligeant amach áitribh ar Airbnb i mBaile Átha Cliath in ainneoin cosc ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ar ligean ar cíos gearrthéarmach. Bhí Kerron Ó Luain ar an gclár chun é seo a phlé.
Tá géarcháineadh déanta ag an iar-Aire Gnóthaí Pobail agus Tuaithe Éamon Ó Cuív ar phlean forbartha na n-oileán a d'fhógair an tAire Heather Humphreys ar Árainn Mhór inniu. Phlé Eoin Ó Catháin é seo ar Pholaitíocht an Lae.
8 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.