‘Ní bhainfidh an tír seo amach a cuid spriocanna ná baol air faoi 2030 i dtaca le hathrú na haeráide a chur ar gcúl mura gcuirtear athruithe suntasacha i bhfeidhm – sin a deir an Ghníomhaireach um Chosaint Comhshaoil i dtuarascáil inniu. Labhair Mícheál Ó Cinnéide linn faoi seo.
Foilsíodh torthaí daonáireamh an tseachtain seo agus léirigh na figúirí go bhfuil laghdú i líon na gcainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus Cúrsaí comhshaoil á phlé i Súil Siar na Seachtaine ag Áine Ní Chiaráin agus Ciarán Dunbar.
Cluichí caide ar GAAGO, Cill Dara in aghaidh Baile Átha Cliath, Ciarraí in aghaidh Corcaigh, Comórtas Peile na Gaeltachta, Cúrsaí Rugair agus sacair á phlé ag Cuán ó Flatharta ins na scéaltaí spóirt.
Labhair John Downing linn maidir le impleachtaí polaitiúla na tuarascála ón nGníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil agus an teannas idir Fine Gael agus Fianna Fáil i bPolaitíocht an Lae.
Inniu: Mícheál Ó Cinnéide (Iar Stiúrthóir na Gníomhaireach um Chaomhnú Comhshaoil); John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta Irish Independent); Áine Ní Chiaráin (Tuairisceoir Polaitíochta); Ciarán Dunbar (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Cuán Ó Flatharta; Conall Mac Dhonnagáin
Tá 47 ceannaire Eorpach, an Taoiseach Leo Varadkar ina measc, ag glacadh páirt sa chruinniú den Comhphobal Polaitiúl Eorpach ag caisleán Mimi, ceantar den Mholdóiv atá faoi smacht scarúnaithe pro-Rúiseacha agus a bhfuil Rúiseacha lonnaithe ann. Bhí Conchúir Ó Dálaigh linn ar an gclár á phlé seo.
Tá cúrsaí slándála san Eoraip go hard ar chlár oibre an chruinniú mullaigh, go háirithe i gcomhthéacs ionradh na Rúise ar an Úcráin agus an t-aighneas idir an Rúis agus an cuid is mó den chuid eile den Eoraip. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar pholaitíocht an lae.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.