Tá bunús dlí anois faoi rialacháin nua atá ceadaithe ag an Aire Sláinte faoina gcaithfidh lipéad a bheith ar tháirge óil ag léiriú an líon calraí agus alcóil ann de réir an ghraim méachain.
Tá leas uachtarán Sinn Féin Michelle O' Neill ag éileamh ar rialtais na hÉireann agus na Breataine gníomhú go práinneach chun na institiúdí ag Stormont a chur sa tsúil arís. Phléadh seo ar an bpainéal.
Troid Katie Taylor ar siúl sa 3Arena oíche amárach, ní bheidh foireann camógaíochta Cill Dara ag glacadh páirte sa chraobh camógaíochta i mbliana agus Cúige Laighean ag tabhairt aghaidh ar La Rochelle sa rugair á phlé ag Cuán Ó Flatharta.
Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky le freastal ar an gcruinniú mullaigh G7 sa tSeapáin Dé Domhnaigh. É seo á phlé ag an Dr. Conchubhar Ó Dálaigh.
Tá an agóid lasmuigh de Theach Ósta i gCo.an Chláir ina bhfuil iarrthóirí tearmainn ag fanacht fós ag leanúint ar aghaidh um tráthnóna. É seo agus tuilleadh á phlé ag John Downing ar Pholaitíocht an Lae.
Tá na toghcháin áitiúla ar siúl ó thuaidh faoi láthair. 462 suíochán ar fad atá le líonadh. Bhí Ciarán Dunbar linn ar an chlár chun na torthaí is déanaí a phlé.
An tseachtain seo thosaigh daoine áitiúla in Inse i gCo. an Chláir agóid lasmuigh de Thig Ósta atá in úsáid chun lóistín a chur ar fáil d'iarrthóirí tearmainn. É seo agus rialaigh an Ard-Chúirt ar chás Enoch Burke á phlé ar Súil Siar na Seachtaine.
Inniu ar an gclár: John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta Irish Independent; Ciarán Dunbar, Iriseoir leis an Belfast Telegraph; Dr. Conchubhar Ó Dálaigh, Comhalta teagaisc Roinn an Léinn Rúisigh agus Shlavaigh Coláiste na Tríonóide; Darragh Adelaide, Ball den Pháirtí Pobal Seachas Brabús, Niamh Uí Bhriain, Colúnaí le Gript; Cuán Ó Flatharta
Deir an rialtas go bhfuil siad sásta leanúint leis an gcumarsáid leis an lucht agóide in Inse Co.an Chláir - é seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae.
Dúirt an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Michéal Martin sa Dáil inniu gur gá don tír seo athmhachnamh a dhéanamh faoin bpolasaí ar a dtugar an Glas Triarach. Labhair Peadar Kirby ar an chlár linn faoi seo.
9 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.