Ar an gclár inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidio na Gaeltachta); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Conchúir Ó Muadaigh (Bainisteoir Abhchóideachta Chonradh na Gaeilge); Seán Ó Maolchiaráin; Órfhlaith Ní Mhaicín (Príomhoide Feidhmeach Ghaelscoil na Mara Domhnach Bat); Eimear McGovern
D’fhógair Banc Cheannais na hEorpa inniu go gcuirfear .25% leis an ráta úis, mar iarracht eile smacht a fháil ar an mboilsciú. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar pholaitíocht an lae.
Chuir urlabharaí ar son rialtas na Rúise i leith Meiriceá go raibh siad freagrach as ionsaí dróin ar an gCreimlín arú aréir. Labhair Antóin Mac Unfraidh linn faoi seo.
Scéalta suimiúla ins an Newry Democrat, Fermanagh Herald, New Ross Standard, Echo Live agus an Kerryman a bhí mar ábhair ag Eimear McGovern i Mír na Meán Áitiúil inniu.
Tá Gaelscoil na Mara i nDomhnach Bat I mBaile Átha Cliath chun múinteoir a chailliúnt muna n-éiríonn leo cúigear páiste a earcú faoin 30ú Méan Fomhair. Labhair Órfhlaith Ní Mhaicín linn faoi seo.
Bhí costas grosaerí an mhí seo caite 16.6% níos daoire ná sa tréimhse céanna anuraidh de réir figiúrí atá curtha ar fáil ag an eagraíocht Kantar. Chuaigh ár dtaighdeoirí Malachi Ó Marcaigh & Seán Ó Maolchiaráin thart chuig na príomh ollmhargaí chun comparáid a dhéanamh. Labhair Seán linn ar an chlár faoi na torthaí.
Sheol Conradh na Gaeilge a fheachtas toghchánaíochta #Gaelvóta inniu ag Áras na bhFál i mBéal Feirste. Labhair Conchúir ó Muadaigh linn ar an chlár faoi seo.
Ar mír na meán inniu labhair Gráinne Uí Chaomhánaigh linn faoin chlár “Idir Anam is Corp áit a bhfuil cúrsaí féiníomhá & féinmhuiníne á phlé. Bhí clár ceoil Buille agus an iris Feasta á phlé aici freisin.
Sraith nua ar an gCogadh Cathartha é The Silent Civil War ina insítear scéalta na ndaoine a throid agus a bhásaigh sa choghadh cathartha. Labhair Criostóir Mac Cárthaigh linn faoi seo.
Inniu ar an gclár: Séamus Martin (Iar-comhfhreagraí an Irish Times i Mosco); Donnacha Ó hÉallaithe (Gníomhaí Pobail & Rúnaí Chumann Forbartha Chois Fharraige); Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíóchta RnaG); Criostóir Mac Cárthaigh; PJ (Comhairleoir Contae le Fianna Fáill i gCill Rois); Gráinne Uí Chaomhánaigh
48 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.