Inniu ar an gclár: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Brian O Ceallaigh (Ollamh le hAirgeadas, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath); Antóin Beag Ó Colla (scríbhneoir scripte); Eoin Corry (iriseoir taistil); Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson, New Jersey)
Tá Ryanair chun suas go 300 eitleán nua a cheannach ó Boeing, de réir margadh nua idir an dá chomhlacht ar fiú $40 billiún é. Bhí Eoin Corry iriseoir taistil linn chun an méid seo a phlé.
An Painéal Idirnáisiúnta: teannas idir an tSín agus Ceanada, tús curtha ag an ngiúré lena mbreithniú maidir le cás éignithe agus clúmhillte E Jean Carroll gcoinne Trump, óráid Putin i Moscó. Bairbre Ní Chiosáin agus Brian Ó Brian a bhí linn chun é seo ar fad a phlé.
Séanann an Tánaiste agus an tAire Cosanta Michéal Martin go bhfuil Éire ag braith ar an RAF chun cosaint a dhéanamh ar aerspás na hÉireann. Bhí Míchéal Martin ag caint ag comhdháil PDFORRA, an cumann a dhéanann ionadaíocht ar bhaill de na fórsaí slándála. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin ó Catháin ar pholaitíocht an lae.
Farasbarr €65 billiún stát coiste an rialtais - cad is fearr déanamh leis? Phléigh Brian Ó Ceallaigh, Ollamh le hAirgeadas, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath roinnt de na roghanna atá os comhair an Rialtais i leith na ceiste seo.
Inniu ar an gclár: Éanna Ó Caollaí (Eagarthóir Gaeilge an Irish Times); Seán Mag Leannain (Iar-Stát Sheirbhíseach); Róisín Ní Choistealbha (Ollamh Cúnta i sScoil an Dlí in Ollscoil Cathair Átha Cliath); Liam Mac an Mhaoir (Iriseoir Spóirt)
Tá an fidléir iomráiteach Seán Keane imithe ar shlí na fírinne. Chaith sé blianta fada ag seinm leis an ngrúpa The Chieftans. Labhair Liam Mac an Mhaoir linn faoina a chuid smaointí atá aige do Sheán.
Tá chonspóid ann faoi chluichí móra CLG gan a bheith ar fáil ach ar sheirbhís GAAGO ar gá íoc as. Labhair an réalt iomána Chorcaí Dónal Óg Cusack faoi seo ar an Sunday Game aréir. Phlé an paineál seo ar an gclár.
Tá socrú rúnda idir Éire agus an Bhreataine ó na 1950idí i leith a thugann cead don Bhreatain aerspás na hÉireann a chosaint. Bhí plé againn ar an chlár faoin socrú seo.
Inniu: Niall Ó Gallchóir (Comhfhreagraí Polaitiúl BBC Alba (i nDún Éideann); Ian Malcolm (Tráchtaire ar chúrsaí Aontachta); Bernie Ní Fhlatharta (Saoririseoir); Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm & saineolaí ar chúrsaí míleata agus slándála); Cuán Ó Flatharta; Conall Mac Dhonnagáin
49 min
About Tús Áite
From the publisher's feed
Clár cúrsaí reatha an tráthnóna á chur i láthair ón Lárionad Raidió i mBaile Átha Cliath. Scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta a bhíonn faoi chaibidil ar an gclár, le plé, anailís agus tuairiscí.